Allen Ginsberg
File Meiriceánach ab ea Allen Ginsberg (3 Meitheamh 1926 – 5 Aibreán 1997). Duine de scríbhneoirí móra a linne a bhí ann, agus é ina cheannródaí ar ghluaiseacht liteartha an Beat Generation in éineacht le William S. Burroughs agus Jack Kerouac.[1]
File
cuir in eagarScríbhneoir cultais a bhí ann ar dtús, is é sin, scríbhneoir nach raibh suim ach ag dornán beag díograiseoirí ann.
Ar an 7 Deireadh Fómhair 1955, léigh Ginsberg an dán “Howl” i San Francisco, ag cur tús lena ghairm scríbhneoireachta. Bhí an saothar seo faoi laincisí ag coinbhinsiúin na litríochta.
Cuairt ar Éirinn
cuir in eagarTháinig Ginsberg go hÉirinn in 1993. Thug sé an-léamh uaidh i Halla na Saoirse, BÁC. Aisteach go leor, ghearr sé mar táille ar lucht eagraithe an léimh culaith bhréidín ó Dhún na nGall.[2]
File Haiku a bhí ann chomh maith.[3]
Saothar
cuir in eagar- Howl & Other Poems 50th Anniversary Edition (2006), ISBN 978-0-06-113745-7
- Kaddish and Other Poems (1961), ISBN 978-0-87286-019-3
- Empty Mirror: Early Poems (1961), ISBN 978-0-87091-030-2
- Reality Sandwiches (1963), ISBN 978-0-87286-021-6
- Planet News (1968), ISBN 978-0-87286-020-9
- Indian Journals (1970), ISBN 0-8021-3475-0
- First Blues: Rags, Ballads & Harmonium Songs 1971 - 1974 (1975), ISBN 0-916190-05-6
- The Gates of Wrath: Rhymed Poems 1948–1951 (1972), ISBN 978-0-912516-01-1
- The Fall of America: Poems of These States (1973), ISBN 978-0-87286-063-6
- Mind Breaths (1978), ISBN 978-0-87286-092-6
- Plutonian Ode: Poems 1977–1980 (1981), ISBN 978-0-87286-125-1
- White Shroud Poems: 1980–1985 (1986), ISBN 978-0-06-091429-5
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Gabriel Rosenstock (2024-02-05). "MIONLÉIRMHEAS: Glúin réabhlóideach Ginsberg agus a chulaith bhréidín ó Dhún na nGall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-05.
- ↑ "Lured to Dublin by a suit: Allen Ginsberg’s 1993 visit." (en). Come Here To Me! (2017-12-03). Dáta rochtana: 2024-02-05.
- ↑ Inner Soul Films / Cailleadh an Búda (2021). "[https://www.youtube.com/watch?v=NSbEgGtmXW0 BUDDHA DIED / 9th International Video Poetry Festival, Athens.]" (as ga-IE).