Fealsúnacht shochúil pholaitiúil é an t-ainrialachas atá bunaithe ar an bhfrithúdarásúlacht agus ar fhéineagrú spontáineach na ndaoine seachas ar struchtúir údarásúla cosúil leis an stát. Deir lucht leanúna an ainrialachais nach gá le stát a bheith ann agus gur mó a dhochar ná a shochar. Ba bhreá leis na hainrialaithe ról an údaráis sa chaidreamh idir na daoine a laghdú, nó fiú deireadh a chur leis..[1] B'fhearr leo sochaí gan stáit ar bith.

Tá an focal ain-riaghailteachd in úsáid i nGaeilge na hAlban, agus is ionann an focal seo agus anarchism an Bhéarla, a thagann ón nGréigis, anarchos: an- = neamh-, frith-, agus archos, cumhacht.

StairCuir in Eagar

Glactar leis nach raibh údarás ná rialtas ar bith ann sa tsochaí réamhstairiúil, mar a thuigimidne coincheap an údaráis pholaitiúil inniu. Nuair a thosaigh na catharstáit agus na stáit ag teacht ar an bhfód cuireadh bun leis an rialtas údarásúil mar rud, ach má cuireadh, ní raibh gach uile dhuine sásta leis sin. Mar sin thosaigh siad ag forbairt agus ag cur in iúl smaointí den chineál a chuirfeadh ainrialachas na nua-ré i gcuimhne, cé nach raibh an focal féin ann go fóill. Smaointeoirí sean-Ghréagacha a raibh luiteamas áirithe leis an ainrialachas ab ea Aristippus agus Zeno, agus sa tSín bhreac an fealsamh Laozi síos smaointí a raibh cuma an ainrialachais orthu sa leabhar Daodejing, a scríobh sé timpeall na bliana 400 RC.[2]

Chuir go leor gluaiseachtaí Criostaí ainrialachas in iúl. Mar shampla, bhunaigh na Diggers i Sasana a bhfealsúnacht ar Ghníomhartha na nAspal 4:32: "Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu."[3]

Ba é William Godwin (1756-1836) an chéad ainrialaí nua-aimseartha, ach ba é Pierre-Joseph Proudhon an chéad ainrialaí féinfhógartha. D'úsáid sé an focal ainrialaí ina shaothar "Cad é an rud é an réadmhaoin?" (Fraincis: Qu'est-ce que la propriété?), a chuaigh i gcló i 1840. Sa saothar sin, dúirt Proudhon, "Níl sa mhaoin ach gadaíocht." Bhí tionchar ag frithchaipitlíochas Proudhon ar an ngluaiseacht ainrialach ó shin i leith. I 1844, d'fhoilsigh Max Stirner an leabhar An Duine Aonair agus a Mhaoin (Géarmainis: Der Einzige und sein Eigentum). Bhí tionchar ag Stirner ar an ainrialachas indibhidiúlach.

In 1864, bunaíodh an Chéad Idirnáisiúntán mar eagraíocht don lucht oibre radacach san Eoraip. Bhí Karl Marx ina dhuine de cheannairí na radacach san am. D'easaontaigh na ainrialaithe le Marx faoin stát áfach, nó bhí Marx ag moladh go gcuirfí deachtóireacht na prólatáireachta ar bun i ndiaidh don stát caipitlíoch imeacht de dhroim an domhain. Ba é Mikhail Bakunin ceannaire na n-ainrialach sa Chéad Idirnáisiúntán. Ghlac ainrialaithe páirt i gComún Pháras i 1871.

TagairtíCuir in Eagar

LeabharliostaCuir in Eagar



NaiscCuir in Eagar