Ba rialtas radacach sóisialach agus réabhlóideach é Común Pháras, a rialaigh Páras ón 18ú Márta go dtí an 28 Bealtaine 1871. Ní raibh an comhlacht tofa i gceannas ar Pháras ach ar feadh dhá mhí. Thit an tóin as faoi dheireadh agus troid sráide fhuilteach ar siúl. Scriosadh roinnt mhór den chathair ag lámhach airtléire. Cuireadh gialla is cimí chun báis go hachomair.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComún Pháras
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 48° 51′ 25″ N, 2° 21′ 05″ E / 48.85694°N,2.35139°E / 48.85694; 2.35139
Lipéad sa teanga dhúchais(fr) Commune de Paris Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálléigear
turgnamh sóisialta
ceannairc
eagraíocht
group action (en) Aistrigh
limistéar riaracháin Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid decomúin cheannairceacha sa Fhrainc i 1870–1871 Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht18 Márta - 28 Bealtaine 1871
Tréimhse18 Márta - 28 Bealtaine 1871
Dáta na bliana28 Bealtaine 1814 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPáras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Haischlib#CommuneDeParis agus #Commune1871 Cuir in eagar ar Wikidata

D’fhág an Réabhlóid Thionsclaíoch gur scoilteadh sochaí na Fraince.[2] Tháinig meánaicme shaibhir nua chun cinn ar a dtugtaí an bourgeoisie. Ach lena hais sin, bhí bochtaineacht agus cruatan ann go forleathan i measc an ghnáthphobail.

Nuair a rug an Phrúis bua ar an tír sa Chogadh Franc-Phrúiseach sa bhliain 1870 thapaigh na hoibrithe an deis chun rialtas réabhlóideach, nó Común, a eagrú chun troid ar son cearta sóisialta.

I ndiaidh bhriseadh na hImpire Napoleon III, i mí Mheán Fómhair 1870, thit Dara Impireacht na Fraince go tapa. Ina hionad, d'éirigh an Tríú Phoblacht chun chogadh a fhógairt ar an Phrúis, a chur Páras faoi léigear brúidiúil, ar feadh cheithre mhí.

Tharraing an cogadh idir léigear agus ghorta ar chathair Pháras. De réir a chéile, bhí doicheall agus míshástacht na n-oibrithe ag dul i méid in imeacht na blianta.

 
baracáidí, passage Raoul

Bhí príomhchathair na Fraince á chosaint go príomha, ní ag an Arm rialta na Fraince, ach ag trúpaí an Gharda Náisiúnta, a bhí ar an eite chlé. I mí Feabhra na bliana 1871, shínigh Adolphe Thiers, uachtarán na Fraince, sos cogaidh leis an Phrúis.

 
baracáidí, Place Vendome

Thosaigh an Común ar 18 Márta 1871. Mharaigh an Gharda Náisiúnta dhá ghinearál de chuid an Airm ar na lá sin. Bhris réabhlóid amach agus chuaigh fir óga amach ar shráideanna chathair Pháras agus thóg siad baracáidí.

Ar an 28 Márta, tháinig Común Pháras le chéile mar chomhlacht tofa den chéad uair.

 
Sléacht

Diúltaigh an comúin glacadh le údarás an rialtais. Thosaigh Arm na Fraince ag cur lucht an chomúin faoi chois, ó 21 Bealtaine 1871 amach, "La semaine sanglante" nó "An tSeachtain fhuilteach". Níor mhair an troid i bhfad agus brúdh an réabhlóid faoi chois, gan taise gan trócaire.

Iarmhairtí

cuir in eagar

Bhí an-tionchar ag na hathchóirithe sóisialta agus polaitiúla a rinneadh le linn an Commune ar ainrialaithe, sóisialaithe agus ina dhiaidh sin cumannaithe, agus iad ag iad ag machnamh ar na ceachtanna a d'fhéadfaí a tharraingt faoi nádúr an stáit, an dlí agus an údaráis pholaitiúil i sochaí iar-réabhlóideach.

Bhí tionchar suntasach ag na ndíospóireachtaí faoi na beartais agus toradh an chomúin ar smaointe Karl Marx, a rinne cur síos air mar shampla de "dheachtóireacht na prólatáireachta".

 
"Le Dernier Jour de la Commune", bolscaireacht ó 1871
  1. Scoil Dlí, COBÁC (2016). "An Commune". Dáta rochtana: 2021.
  2. forasnagaeilge.ie. "CUID V. PÉINTÉIREACHT NA FRAINCE SA 19ú hAOIS DÉAG". Dáta rochtana: 2020.