Is éard atá i gceist le óráidíocht[1] ná scileanna cainte agus argóna, nó caint phoiblí chun cúis speisialta éigin a chur chun cinn de ghnáth.[2]

Dealbh James Larkin, Sráid Uí Chonaill

Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt. Bíonn feidhm níos suaraí leo freisin — le holc agus bréaga a scaipeadh, leis an dubh a chur ina gheal, le paisin fhuafara a chorraí.[3]

Sa domhan clasaiceach, bhí an óráidíocht ar na healaíona is mó meas.

Tá iliomad teicnící agus coinbhinsiúin ann agus daoine i mbun óráide a scríobh. Cuid mhaith acu, táid chomh sean le scoileanna óraidíochta agus reitric ársa na Gréige agus na Róimhe. Tá ár gcumarsáid bunaithe ar scéalta, bíodh scéal le hinsint agat mar sin.[4]

Is cóir go gcuireadh óráid cumasach ag smaoineamh tú agus ar a laghad miongháire a spreagadh ionat. Nó gáire fiú. Agus ba chóir go ngríosfadh ard-óráid ag ceannaire spreagúil chun gnímh tú, mar sh. ótá a chaitheamh, nó ul i mbun feachtais.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. nó óráidíocht phoiblí; i mBéarla, public speaking, speeches, speech-making srl
  2. "An Foclóir Beag: óráidí" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2024-09-27.
  3. Darach Ó Scolaí (2020-10-29). "Óráidí" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2024-09-27.
  4. Derek Mooney / RTÉ (2024-09-03). "What makes a good political speech?" (as ga-IE). 
  5. "Óráidí a Chuaigh i gCion" (en-US). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2024-09-27.
  6. 978-1-909907-63-8