Is móilín tríadamhach é Ózón, atá comhdhéanta das trí adamh ocsaigine. Is foirm nó allatróp de chuid na hocsaigine é, nach bhfuil chomh cobhsaí le gnáthmhóilín na hocsaigine, O2, ina bhfuil dhá adamh ocsaigine, mar a léiríonn an fhoirmle.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachÓzón
Substaint cheimiceach simple substance (en) Aistrigh, allotrope of oxygen (en) Aistrigh agus aicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach 47.985 Da
Ról photochemical oxidant (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceach O₃
Ozon Mesomerie.svg
SMILES canónta
Model 2D
[O-][O+]=O
InChI Model 3D
Airí
Dlús 0.0021445 g/cm³ (a 0 °C, gás) Cuir in eagar ar Wikidata
Tuaslagthacht 0.001 g/100 g (uisce, 0 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach 0.5337 D
Pointe leáite −193 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe −112 °C (a 760 Torr) Cuir in eagar ar Wikidata
Eantrópach mólarach caighdeánach 238.9 J/(mol K)
Móimint leictreach dhépholach 0.5337 D
Galbhrú 1 atm (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Meánteorainn nochta ualaithe ama 0.2 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Uasteorainn nochta 0.2 mg/m³ (luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte 9.8 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata
Timthriall an ózóin san atmaisféar

An t-ózón thuas in atmaisféar an Domhain, is gás an-fhóinteach é, nó ólann sé chuige (súnn sé isteach) an radaíocht ultraivialait dhíobhálach atá ag teacht ón nGrian. San am chéanna, áfach, is gás nimhe é an t-ózón ag leibhéal na talún,. nó déanann sé dochar do chóras ríospráide na n-ainmhithe agus na ndaoine daonna araon. Oibríonn an t-ózón ar na scamhóga agus na broncais mar a oibríonn an clóirín, is é sin, cuireann sé leacht ag carnadh sna scamhóga, ionas go mbáfar an t-othar ar an talamh slán.

Tá ózón ar fáil i dtiúchan íseal fud fad atmaisféar an domhain, agus a lán feidhmiúcháin thionsclaíocha agus tomhaltacha aige.


An Ciseal Ózóin agus a LagúCuir in Eagar

Tugtar ciseal ózóin ar an gcuid den atmaisféar atá saibhir in ózón, agus é ina sciath chosanta idir sinn agus radaíocht ultraivialait na Gréine. Tá an radaíocht seo thar a bheith díobhálach don duine agus don bheatha go léir, agus mar sin tá muid go mór mór i dtuilleamaí an chisil seo. Tá an ciseal ózóin suite idir 15 agus 35 ciliméadair ó dhromchla an Domhain, ach tá ramhracht an chisil ag brath ar an am den bhliain agus ar an ngeograife.

Ba iad na fisiceoirí Francacha Charles Fabry agus Henri Buisson ba thúisce a d'aithin an ciseal ózóin. Tuigeadh dóibh go raibh cuid den radaiocht a bhí ag teacht as an nGrian ar lár, is é sin nár shroich sí dromchla an Domhain riamh, agus go raibh bac nó cosc idir sinn agus an Ghrian a choinnigh an radaíocht sin siar. Ba é an t-ózón thuas san atmaisféar an cosc sin. Ba é an meitéareolaí Sasanach G.M.B.Dobson a chuir tús le monatóireacht an ózóin san atmaisféar, nó thóg sé gréasán domhanda de stáisiúin tomhaiste ózóin sna blianta 1928-1958. Tá na stáisiúin seo ag obair i gcónaí, agus an t-aonad a úsáidtear le hózón uachtar an atmaisféir a thomhas tugtar "aonad Dobson" air leis an bhfear féin a onórú.

Sa bhliain 1976 a d'aithin na saineolaithe an chéad uair go raibh gníomhaíocht an duine - na clórafluaracarbóin ach go háirithe - ag déanamh dochair don chiseal ózóin. Comhdhúile iad na clórafluaracarbóin a bhí á n-úsáid mar thiomantáin sna buidéil aerasóil agus mar chuisneáin sna cuisneoirí agus na reoiteoirí. Thairis sin bhí na heitleáin fhorshonacha ag ídiú an ózóin chomh maith. Ó 1990, tharla laghdú 50%+ i dtiúchan an ózóin os cionn na bpol, agus deirtear go bhfuil poil sa chiseal ózóin.[1]

Bhí an cine daonna in ann cur le chéile leis na teicneolaíochtaí a chosc a bhfuil dainséar agus damáiste iontu don chiseal ózóin, agus dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le hídiú an ózóin.

StairCuir in Eagar

B'é ózón an chéad allatróp de dhúil cheimiceach aitheanta san eolaíocht, b'é Christian Friedrich Schönbein, a chéadléirigh gur gás ar leith é sa bhliain 1840 agus a thug an t-ainm ózón air.

D'aimsigh Jacques-Louis Soret an fhoirmle O3 d'ózón sa bhliain 1865 agus dheimhnigh Schönbein í sa bhliain 1867.

Nuair a thuig eolaithe sna 1970idí go raibh gáis shaorga a úsáidtear i gcuisneoirí agus aerasóil ag déanamh poill sa chiseal ózóin, thosaigh an comhphobal idirnáisiúnta á laghdú de réir a chéile.[2] Dréachtaíodh comhaontú ar a dtugtar Prótacal Montréal chun úsáid na substaintí dainséaracha sin ar a dtugtar clórafluaracarbóin (CFCanna) a laghdú de réir a chéile.

D’éirigh chomh maith sin le hiarrachtaí is go bhfuil an ciseal ózóin ar an mbóthar ceart lena bheith athshlánaithe faoi lár an 21ú haois.

Ar an drochuair, tháinig gáis fhluairínithe, ar a dtugtar F-gháis in ionad na CFCanna — agus na substaintí a tháinig ina ndiaidh — de réir a chéile. Ní théann siad sin i gcion ar an gciseal ózóin ach is gáis cheaptha teasa chumhachtacha iad. Mar sin bhí na húdaráis ag gníomhú uair amháin eile: i mí Dheireadh Fómhair 2016, d’aontaigh an 195 thír a shínigh Prótacal Montréal teora a chur leis an úsáid a bhaineann siad as na gáis dhíobhálacha seo.

SanasaíochtCuir in Eagar

Focal Gréigise é 'ózón', leis an bhrí " boladh", os rud é go mbíonn boladh suntasach ag aer nó ocsaigin trína ngabhann díluchtú leictreachais.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "The Ozone Hole". www.theozonehole.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-09-17. Dáta rochtana: 2019-09-16.
  2. An tAontas Eorpach. "Ár bpláinéad, ar dtodhchaí". Dáta rochtana: 2019.