Úna Ní Bhroin

file Éireannach

File ba ea Úna Ní Bhroin (- 1706/7). Phós sí an file agus scoláire Seán Ó Neachtain (c. 1640 – 1729) agus rugadh triúr clainne dóibh. Bhí cónaí ar an teaghlach sna Saoirsí, i mBaile Átha Cliath, in aice le Sráid Thomáis. Bhí baint ag Úna, mar sin, le scata scríbhneoirí agus scoláirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath go luath san 18ú haois a raibh caidreamh acu ar Sheán. Is dócha go bhfuair sí féin oiliúint mhaith.

Infotaula de personaÚna Ní Bhroin
Beathaisnéis
Bás5 Feabhra 1706
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSeán Ó Neachtain Cuir in eagar ar Wikidata

Níl ach dán amháin dá cuid ar marthain: ‘Ó thugas mo ghrá dhuit, mo lámh is mo mhealladh,’ dán a scríobh sí dá fear céile (c. 1670?):

A stórach, bheinn beo, ‘sé mo dhóigh, go ceann bliana
gan dadamh a ól ná lón ar bith d’iarraidh,
mo bhéal ar do bhéalsa ‘s mo dhóid ar do chliabhsa,
ag éisteacht do ghlóir ghlic do thóigfeadh mo phianta...

Tá dhá mharbhna fós ann a chum Seán ina diaidh: ‘A théagair, is é m’éagsa is mé do bhás’ agus ‘Thug mé searc mo chléibh’ is mo ghrádh’.

Tagairtí cuir in eagar

The Field Day Anthology of Irish Writing, Vol. IV: Irish Women’s Writings and Traditions (eagarthóirí éagsúla). Cork University Press 2002, lch 422.