Is ceantar lárchathrach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath iad na Saoirsí[1] (nó na Libirtí uaireanta; Béarla: The Liberties).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilNa Saoirsí

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 20′ 29″ N, 6° 16′ 43″ O / 53.3414°N,6.278693°W / 53.3414; -6.278693
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
Toghcheantar Dháil ÉireannBaile Átha Cliath Theas-Lár Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie1166308
Suíomh gréasáinlibertiesdublin.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí ról lárnach ag an gceantar i saol cultúrtha, tionsclaíoch agus polaitiúil Bhaile Átha Cliath ó na meánaoiseanna anuas. Shíl daoine de bhunadh na Saoirsí riamh anall gurb iad féin croí agus anam mhuintir Bhaile Átha Cliath. Ba ann a forbraíodh an chathair breis is 1,000 bliain ó shin, agus is ann atá cuid de na sráideanna is sine i mBaile Átha Cliath.

I ndiaidh choncas na nAngla-Normannach ar Bhaile Átha Cliath sa 12ú haois, bronnadh neamhspleáchas ar réimsí talún taobh amuigh de bhallaí na cathrach, 'saoirse' ó dhlíthe na cathrach i bhfocail eile. Ina measc sin, bhí Saoirse Chúirt San Tomás agus Dhún Uabhair agus Saoirse Naomh Sepulchre. Le himeacht ama, bhaintí úsáid as an téarma 'Na Saoirsí' chun tagairt a dhéanamh do chuid mhór de dheisceart lár na cathrach.

Stair Mheánaoiseach

cuir in eagar

Diaidh ar ndiaidh forbraíodh Baile Átha Cliath ó lonnaíocht a bhunaigh na Lochlannaigh sa 10ú haois. Thóg rí na hÉireann, Muirchertach Ua Briain, rí a raibh Baile Átha Cliath faoina smacht go dtí an bhliain 1115, ballaí cloiche in áit na múrtha cré a thóg na Lochlannaigh, rud a d'fhág go raibh trí oiread an réimse talún faoina smacht. Ach fiú amháin nuair nach raibh cosaint ar bith ann, d'ionsaigh na hAngla-Normannaigh an chathair sa bhliain 1170, agus maraíodh formhór na ndaoine a bhí ag cur fúthu sa chathair.

Threisigh na hAngla-Normannaigh a mbonn cumhachta trí bhallaí na cathrach a fheabhsú agus a leathnú. Aimsíodh na codanna laga agus rinneadh iad a neartú agus tógadh ballaí nua. Ainneoin nach bhfuil ach dhá chuid de na ballaí cathrach fós le feiceáil os cionn talún (in aice le Margadh an Arbhair, agus ag Sráid na gCócairí díreach ó thuaidh de Gheata San Audoen), aimsíodh codanna de na ballaí le linn tochailtí a rinneadh le déanaí ag suímh amhail Halla na Cathrach, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Sráid Sheamlas an Éisc.

Grúdaireacht, fíodóireacht agus Éirí Amach

cuir in eagar

Ba iad na hÚgónaigh a chuir dlús faoi thionscal bisiúil teicstílí anseo, áit a bhí breac le grúdlanna agus drioglanna tráth. Gabhadh an t-uaslathaí réabhlóideach, an Tiarna Edward Fitzgerald, ag 151 Sráid Thomáis, cúpla lá roimh an éirí amach 1798, éirí amach nach raibh ach teip i ndán dó. Sa bhliain 1803, crochadh ceannaire eile de chuid na nÉireannach Aontaithe,Robert Emmet, lasmuigh d'Eaglais San Caitríona nuair a theip ar an dara héirí amach.

  • Tá cuid den alt seo bunaithe ar chomharthaí poiblí de chuid na Comhairle Cathrach.