Sráid Sheamlas an Éisc
Is sráid suite i mBaile Átha Cliath í Sráid Sheamlas an Éisc[1] (nó Fishamble Street).[2]
Sráid Sheamlas an Éisc | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Logainm.ie | 1383601 |
Stair
cuir in eagarSíltear gurb í Sráid Sheamlas an Éisc an tsráid is sine i mBaile Átha Cliath. Is í an tsráid ar ar reáchtáladh an chéad taibhiú de 'Messiah' Georg Friedrich Händel i mí Aibreáin 1742, ceann de na saothair chórúla is aitheanta ar domhan. Bhí cóir ardeaglaise Ardeaglais Naomh Pádraig agus Theampall Chríost in ard a ngutha, fad is a bhí an t-orgán á sheinm ag an gcumadóir féin. Bhailigh beagnach 700 duine isteach sa Halla Ceoil. Cuireadh in iúl roimh ré gur cheart do mhná gúnaí gan fonsaí orthu a chaitheamh ionas go mbeadh dóthain spáis sa halla.
Bhí Ard-Oifig an Phoist suite ar Shráid Sheamlas an Éisc ó 1689 ar dtús. Tá an teach tábhairne Darkey Kelly’s, Sráid Sheamlas an Éisc lonnaithe ag barr na sráide.
Foinsí
cuir in eagarTá cuid den eolas seo bunaithe ar chomharthaí an Dubline.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Sráid Sheamlas an Éisc/Fishamble Street | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Sráid Sheamlas an Éisc/Fishamble Street" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-04-13.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |