Osclóidh seo an príomhroghchlár

Seán Ó Neachtain (Scoláire Gaeilge)

file agus scríbhneoir Éireannach

Scríobhaí agus file Gaeilge ab ea Seán Ó Neachtain (t.1640-1729). Bhí sé ina fear léinn lárnach i gciorcal liteartha Gaelach i mBaile Átha Cliath ag deireadh an 17ú haois agus tús an 18ú haois. Thairis sin, bhí sé mar mháistir scoile, aistritheoir, agus ina scríbhneoir próis. Rinne sé go leor dá shaothar léinn ina éineacht lena mhac, Tadhg, agus lean Tadhg den obair sin tar éis bhás a athar.

A Óige agus a TheaghlachCuir in Eagar

Rugadh é i gCluain Oileáin, paróiste an Droma, i gCo. Ros Comáin. Tadhg ab ainm dá athair. Chaill a mhuintir na tailte a bhí acu le linn ré Chromail. Chaith Seán tamall ina spailpín ina dhiaidh sin i gContae na Mí agus phós sé Úna de Nógla, ar scríobh sé Rachainn fón gcoill leat, a mhaighdean na n-órfholt di. Fuair sí bás go gairid ina dhiaidh sin agus bhog Seán go Baile Átha Cliath. Phós sé Úna Ní Bhroin ansin, bean a bhí gaolta leis an Ardeaspag Edmond Byrne, de réir cuma.

Rugadh Tadhg dóibh sa bhliain 1671 agus beirt pháistí eile ina dhiaidh sin, darb ainm Lúcás agus Anna. Bhí cónaí orthu go léir i gceantar Shráid Thomáis ar an taobh theas den chathair, áit a raibh teach scoile ag Seán. Fuair Úna bás ar 5 Feabhra 1706/7 agus scríobh sé dán caointe di. Tá an dán seo le fáil i Nua-Dhuanaire II, le Breandán Ó Buachalla.

SaotharCuir in Eagar

Chaith Seán an-chuid ama ar aistriúcháin a dhéanamh ar ábhair chráifeacha, ach ní go ró-mhaith a bhí sé ag an gceird seo, dar le Cathal Ó hÁinle.[1] Bhain a chuid filíochta le cúrsaí agus polaitíocht an lae. Cé nach filíocht den scoth a bhí ann, léirigh sé tuiscint an-mhaith ar mheadarachtaí agus ar fhoclaíocht ina chuid dánta.

Rinneadh sé aoradh ina chuid scríbhinní ar scríobhaithe Gaeilge eile cosúil le Diarmaid Ó Conchubhair agus Cathal Ó Luinín, fir a raibh sé in achrann leo de réir cuma. Bhí rian an tSeacaibíteachais le sonrú go mór ar a chuid dánta agus a chuid scéalta. Sampla maith de seo ná an dán a scríobh sé (Dhá fhear déag is Píobaire) agus é ag cur in aghaidh na sagart a shéan na Stíobhartaigh in Aibiúráisean 1709. Tá an dán seo curtha in eagar ag Pádraig Ó Fágáin, ina leabhar, Éigse na hIarmhí. Ina éineacht leis sin, chum sé caoineadh darb ainm Fáth Éagnach mo Dheor [2] ar an dara bean chéile ag Séamus II, Máire, sa bhliain 1715.

Ach is é an saothar is mó cáil uaidh ná Stair Éamuinn Uí Chléire de réir Sheáin Uí Neachtain. Scéal é seo ar shaol fir, a bhfuil cuma dhírbheathaisnéiseach air. Chuir Eoghan Ó Neachtain eagar air agus d’fhoilsigh é sa bhliain 1918.

I measc na scéalta eile uaidh tá An Gleacaí Géaglonnach, Imeachtaí Cúigear, agus Jacobides et Carina. Tá sé ráite ag Cathal Ó hÁinle, go raibh buneilimintí an úrscéil le fáil i saothair phróis Uí Neachtain, ach nár tháinig an fhorbairt cheart orthu sa Ghaeilge, faoi mar a tharla i gcás an Bhéarla ag an am.[3] Níl na scéalta eile seo curtha in eagar ná i gcló go fóill.

Fuair sé bás i mí na Márta 1728/29. Dúirt a mhac Tadhg gur scríobh sé Do ghuidh mé Muire Mháthair, ar leaba a bháis.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Ní Mhurchú agus Breatnach, Beathaisnéis: 1560-1781, (Baile Átha Cliath, 2001) lth. 161-163
  2. Williams agus Ní Mhuiríosa, Traidisiún Liteartha na nGael, (Baile Átha Cliath 1979/2001) lth. 265
  3. Harrison, Ag Cruinniú Meala, (Baile Átha Cliath, 1988) lth. 54

LeabhairCuir in Eagar