Breandán Ó Buachalla

scoláire Éireannach

Ba scoláire agus acadóir Gaeilge é Breandán Ó Buachalla (15 Eanáir 193620 Bealtaine 2010).[1] Aithnítear é ar dhuine de na scoláirí ba thábhachtaí i léann na Gaeilge sa dara cuid den 20ú haois agus i dtús na haoise seo.[2] Bhí sé ar dhuine de na daoine is mó saineolas ar fhilíocht agus ar scríbhneoireacht na Nua-Ghaeilge Moiche.

Infotaula de personaBreandán Ó Buachalla
Beathaisnéis
Breith15 Eanáir 1936
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Bealtaine 2010
74 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Nua-Eabhrac
Ollscoil Notre Dame
Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
PáisteBrídóg Ní Bhuachalla Cuir in eagar ar Wikidata

Óige cuir in eagar

Rugadh Breandán Ó Buachalla i gCathair Chorcaí sa bhliain 1936. Oileadh é i Scoil Neasáin agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar bhain sé bunchéim amach sa Léann Ceilteach.

Gairmréim mar acadóir cuir in eagar

Chaith sé tréimhse ina léachtóir Gaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste ar dtús, sular thug sé aghaidh ar München na Gearmáine chun staidéar a dhéanamh ar fhocleolaíocht agus ar theangeolaíocht faoi cheannas Julius Pokorny.[3] Bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ó 1973 go dtí 1978, chomh maith le bheith ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ó 1978 go dtí 1996. Anuas air sin, bhí sé ina ollamh ar cuairt i gColáiste Bhostún agus Ollscoil Nua-Eabhrac. Bhí sé ina ollamh (ar an gcéad duine ag freastal ar Ollúnacht Thomáis J. agus Chaitlín Uí Dhónaill leis an Teanga Ghaeilge agus le Litríocht na Gaeilge) i Roinn na Gaeilge agus na Litríochta Gaeilge in Ollscoil Notre Dame ó 2003 ar aghaidh.

Saol pearsanta cuir in eagar

Bhí Mac Uí Bhuachalla pósta ar Aingeal agus bhí triúr clainne acu, mar atá, Bríd Óg, Clíona agus Traolach, agus triúr garmhac leo, Marcus, Cuán agus Seán Óg. Tá cáil áirithe bainte amach ag a pháistí dóibh féin ag obair sna meáin chumarsáide, go háirithe i meáin chumarsáide na Gaeilge.

Saothar cuir in eagar

Is é an saothar is mó dár tháinig ó pheann Uí Bhuachalla ná Aisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788, leabhar ocht gcéad leathanach ina ndéanann sé cardáil ar sheánra na haislinge i bhfilíocht na Gaeilge agus ar an tábhacht a bhí leis an seánra seo i mbolscaireacht na Seacaibíteach. Thairis sin, chuir sé in eagar amhráin le filí na hochtú haoise déag: Cathal Buí Mac Giolla Ghunna agus Peadar Ó Doirnín. Amach ó Aisling Ghéar, is é an leabhar is téagartha dár fhoilsigh sé ná I mBéal Feirste Cois Cuain, nó stair Chathair Bhéal Feirste a chuir béim ar leith ar thraidisiún na Gaeilge sa chathair. Bhí an leabhar seo ar ceann de na tráchtais scolártha ba sine dár tharraing súil cheart ar ról dearfach na bProtastúnach i saol na Gaeilge sna críocha ar a dtugtar Tuaisceart Éireann inniu.

Bás cuir in eagar

Fuair Ó Buachalla bás go tobann le taom croí Déardaoin, 20 Bealtaine 2010.[4]

Leabhair cuir in eagar

  • Clár Lámhscríbhinní Gaeilge sa Leabharlann Phoiblí i mBéal Feirste (1962)
  • I mBéal Feirste Cois Cuain (1968)
  • Peadar Ó Doirnín: Amhráin (1969)
  • Nua-Dhuanaire I agus II (1972 agus 1976)
  • Cathal Buí: Amhráin (1975)
  • Aisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788 (1996)
  • An Caoine agus An Chaointeoireacht (1998)
  • The Crown of Ireland (2006)
  • Aogán Ó Rathaille (2007)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó BUACHALLA, Breandán (1936–2010) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-05-29. Dáta rochtana: 2010-05-22.
  3. Welch, Robert (eag.), Oxford Concise Companion to Irish Literature, (Oxford 1996/2000) lth. 264
  4. http://www.southbendtribune.com/article/20100522/News01/5220371/-1/googleNews[nasc briste go buan]

Naisc sheachtracha cuir in eagar