Ollscoil taighde Chaitliceach is ea Ollscoil Notre Dame du Lac,Ollscoil Notre Dame mar is fearr aithne uirthi. Ar phrionsabail na Críostaíochta atá an ollscoil bunaithe.

Bosca Sonraí EagraíochtaOllscoil Notre Dame
(en) University of Notre Dame du Lac
(fr) L’Université de Notre Dame du Lac Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

ManaVita, Dulcedo, Spes Cuir in eagar ar Wikidata
SonógLeipreachán Notre Dame Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálollscoil phríobháideach
foilsitheoir acadúil
ollscoil Chaitliceach
institiúid oideachais phríobháideach sheachbhrabúsach
foilsitheoir oscailte Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach agus Caitliceachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh26 Samhain 1842
Bunaitheoir(í)Edward Sorin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Spórtpeil Mheiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deORCID
American Council on Education (en) Aistrigh
DataCite (en) Aistrigh
International Federation of Library Associations and Institutions (en) Aistrigh
Coalition for Networked Information (en) Aistrigh
Center for Research Libraries (en) Aistrigh
Scholarly Publishing and Academic Resources Coalition (en) Aistrigh
Association of Research Libraries (en) Aistrigh
Digital Library Federation (en) Aistrigh
IIIF Consortium (en) Aistrigh
arXiv
Atlantic Coast Conference (en) Aistrigh (2013–)
Higher Education Leadership Initiative for Open Scholarship (en) Aistrigh (2022–)
Association of American Universities (en) Aistrigh (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon scoláirí12,683 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtJohn I. Jenkins (2005–) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe1,396 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Le cuid
Táscaire eacnamaíoch
Maoiniú airgeadais13,100 M$ (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Sócmhainní iomlána18,414 M$ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
ISILUS-inndhl Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnd.edu Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: notredame Twitter: NotreDame Instagram: notredame Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map
Lár Ollscoil Notre Dame, nó an "God Quad"

Tá an choláiste ar an ollscoil chaitliceach is clúití agus is rathúla sna Stáit[1]. Ollscoil í ina bhfuil tábhacht nach beag leis an stair agus leis an chreideamh chaitliceach.

Tá sí suite lámh le South Bend in Indiana, sna Stáit Aontaithe.

Bhí 8,448 fochéimí ag déanamh staidéir inti agus 3,731 iarchéimí sa bhliain 2004.

Suaitheantas Ollscoil Notre Dame, ó 1931

Stair cuir in eagar

Bunaíodh ionad oideachasúil in aice le South Bend Indiana i 1840. Osclaíodh Notre Dame ar 26 Samhain 1842. Bhunaigh an tAthair Edward Sorin CSC an ollscoil; eisean an chéad uachtarán ar an scoil.

Institiúid Chaitliceach a bhí inti le linn tréimhse nuair nach raibh mórán measa ag an bhunaíocht sna stáit ar inimircigh chaitliceacha, ba lú a meas ar mhuintir na hÉireann a phlódaigh isteach chun na Stát Aontaithe i ndiaidh an Ghorta Mhóir ina dtír féin. Ní raibh sé i bhfad go raibh cuid mhór Éireannach ag freastal ar Notre Dame.

Tá traidisiún fada cogaíochta ag baint leis an ollscoil ón chogadh cathartha sa naoi céad déag go dtí na cogaí domhanda agus go dtí an lá inniu[2].

 
Foirgneamh Dlí

Chaith an tAthair urramach Theodore (Ted) Hesburgh 35 bliain mar Uachtarán ar Notre Dame (1952–1987)[3]. Rinne sé institiúid mhór Mheiriceánach den ollscoil é féin. D’fhóin an tAthair Hesburgh ar go leor Coimisiúin Uachtaránachta de chuid SAM. Laoch an-mhór cearta sibhialta a bhí san Athair Hesburgh chomh maith.

Léann na hÉireann cuir in eagar

Tá an-bhorradh faoi chúrsaí Léann na hÉireann Ollscoil Notre Dame, a bhuíoch sin do Donald Keough a thug suim mhór airgid don institiúid i 1992 chun tús a chur leis an chlár[4]. Cuireadh tús le hinstitiúid Mhic Eochaidh An Léinn Éireannaigh.

Freastalaíonn seacht gcéad scoláire uirthi as gach páirt de na Stáit Aontaithe i láthair na huaire (2014).

 
Ronald Reagan agus na "Fighting Irish", foireann peile Notre Dame, 1988

Gaeilge cuir in eagar

Rud a dhealaíonn an Léann Éireannach i Notre Dame ó ollscoileanna eile a dhéanann staidéar Éireannach na an bhéim a chuireann siad ar an Ghaeilge agus ar shaíocht sainiúil na hÉireann.

Is í Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge i Notre Dame an chéad roinn dá cineál i dTuaisceart Mheiriceá, a thugann deis do mhic léinn an Ghaeilge a fhoghlaim agus eolas a chur ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge[5]. Tá ceathrar múinteoir ag teagasc na Gaeilge (sa bhliain 2014) agus tá éileamh mór ar na ranganna teanga.

Chaith an t-ollamh Breandán Ó Buachalla seal in Ollscoil Notre Dame. Bhí sé ina ollamh (ar an gcéad duine ag freastal ar Ollúnacht Thomáis J. agus Chaitlín Uí Dhónaill leis an Teanga Ghaeilge agus le Litríocht na Gaeilge) i Roinn na Gaeilge agus na Litríochta Gaeilge in Ollscoil Notre Dame ó 2003 ar aghaidh.

 
Níl an bua i gcónaí ar Na hÉireannaigh Trodacha. Cluiche in aghaidh an US Navy, 2007

Tá an t-údar Brian Ó Conchubhair ina stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha agus na gCultúr in Ollscoil Notre Dame agus ina Ollamh Comhlach i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge (2017)[6].

Spórt cuir in eagar

Na hÉireannaigh trodacha a thugtar ar pheileadóirí Notre Dame agus ar a lucht leanúna. Is daoine gorma cuid mhaith d’foireann peile “The Fighting Irish” agus is meascann maith ciníocha a bhíonn sa lucht leanúna.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar