Ní féidir liom a bheith cúisithe go bhfuilim claontach nuair a dhéanaim iarracht a chur ina luí ort gur cheart dúinn Gaeilge a chleachtadh, mar ní díospóireacht polaitiúil nó sóisialta é seo, is í ár dteanga í agus gan cheist, ba cheart dúinn í a choinneáil beo agus bríomhar. I mo thuairimse, tá go leor tábhacht ag baint le caomhnú is cleachtadh na teanga. Ní thuigeann formhór na daoine fíorluach a bheith in ann ár dteanga dhúchais a labhairt agus cé chomh tábhachtach atá sé chun í a choinneáil beo. Níl an Rialtas na hÉireann ag déanamh go leor agus mura ndéanaimid rud éigin, d´fhéadfadh an Ghaeilge dul as feidhm i gceann cúpla bliana. Tá teanga féin againn seachas Béarla agus ba cheart go bhfuil an-bhród orainn as sin. Áfach is oth liom a rá go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla ag laghdú go gasta, toisc nach bhfuil go leor deiseanna oibre i gceantair Gaeltachta (mar gheall ar an gcúis sin, bogann siad go ceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht, nó téann siad ar imirce fiú) agus mar gheall ar cúiseanna eile a luafaidh mé níos déanaí. Éiríonn go leor daoine líofa agus iad ar scoil, ach déanann siad dearmad ar an teanga tar éis a fhreastalann siad ar an gcoláiste - na fáthanna? Ní bhíonn seans acu an teanga a úsáid go laethúil, agus ní bhíonn ar cuimhin acu ach cúpla frásaí bunúsacha. Is gá don Rialtas (agus dúinn féin) níos mó iarracht a dhéanamh chun comhairle a chur ar daoine Gaeilge a labhairt sa bhaile agus gach lá. Nuair a bhogann daoine ó na hoileáin chuig an mórthír, cuireann siad an Ghaeilge ar a dhroimeanna mar ní mhothaíonn siad slán sábháilte í a úsáid ansin (mar uaireanta, cuireann daoine Gaeilgeoirí síos nuair a labhraíonn siad ina dteanga fhéin. Agus ar an corruair, go háirithe i dTuaisceart na hÉireann, tarlaíonn foréigean fiú). Cén fáth a bhfuil mé buartha faoi todhchaí na Gaeilge? Bhuel, seo ceann de na cúiseanna is tábhachtaí: Béarlachas. Nuair a chloiseann tú cainteoirí neamhdhúchasacha (go háirithe daoine óga) ag labhairt, uaireanta úsáideann siad AN IOMARCA Béarlachas nach bhfuil riachtanach. Mar shampla, deireann roinnt daoine an focal ¨like¨ tar éis gach focal eile. Dá mbeimid ag úsáid Béarlachas i gcónaí, beidh sé ródheacair luach traidisiúnta is cultúrtha teanga ár dtíre a chaomhnú. Mar sin, tar éis níos lú ná fiche bhliain, caillfidh muid ár dteanga go hiomlán - ní bheidh Gaeilge ar an teanga níos mó ar chor ar bith, má leanann sé seo ar aghaidh. Caithfidh muid stad a chur air seo, ach conas? Bhuel, tá sé go héasca, i ndáiríre. Glac ballraíocht in eagraíochtaí atá ag obair chun ár dteanga agus ár gcultúr a chur chun cinn. Faigh post i gcomhlacht a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Glac páirt i ngrúpaí atá ag iarraidh Gaeltachtaí a bhunú, in Éirinn agus thar sáile. Agus ná déan stad ag obair ar son na cúise má éiríonn sé ródhúshlánach. Go bunúsach, labhair Gaeilge agus coinnigh beo í! Gach rud á mheasadh, mhair ár dteanga trí ghorta agus ainneart, ní féidir linn í a chailleadh anois. ¨Tír gan teanga, tír gan anam.¨ - Pádraig Mac Piarais, múinteoir Gaeilge agus poblachtánach bródúil, a dúirt na focail inspioráideacha sin.