Béir bhána cuir in eagar

A chara, tá fáilte romhat anseo. Is léir go bhfuil Gaeilge mhaith agat agus thaitin an t-alt sin faoin bhéar bán go mór liom, creid nó ná creid. Ní dhearna mise ach feabhas a chur ar an leagan amach (na rannáin, teidil, srl) — níor leasaigh mé do chuid Gaeilge ar chor ar bith. É sin ráite, níor chóir duit "fógraí" a chur isteach sna haltanna ("Rabhadh: Ní alt gairmiúil é seo...") agus scriosfaidh mé a leithéid. Níl an t-am agam an ceartúchán céanna a dhéanamh arís is arís eile, agus mar sin chuir mé an t-alt faoi ghlas ar feadh tamaill.

Maidir leis an leasú beag a rinne Eriugena ar thús an ailt, is pobal é seo, agus is comhoibriú chuile alt — déanann daoine athruithe den sórt seo go minic agus éireoidh tú cleachta leis. Ní "leatsa" an t-alt tar éis duit é a chruthú agus a fhoilsiú. Mura n-aontaíonn tú le leasú ar leith, ba chóir duit díospóireacht a thosú ar an leathanach "Plé" in áit rudaí a chur ar ais.

Arís, tá fáilte romhat agus ba mhaith liom comhoibriú leat amach anseo. kscanne (plé) 01:49, 28 Iúil 2022 (UTC)Reply

Brón orm faoin míthuiscint, a chara. Shíl mé go raibh mo chuid gramadaí á athrú agat i gcónaí. Chomh maith, d´aimsigh mé do leathanach ar Twitter agus tá an-mheas agam ar gach rud atá á dhéanamh agat ar son mo theanga agus mionteangacha eile. Oighearshruth06 (plé) 12:58, 28 Iúil 2022 (UTC)Reply