Is téarma é “an 20ú hAois Ghearr" a chuireann san áireamh nach bhfuil céadta bliain ró-oiriúnach mar aonad ama chun cur síos a dhéanamh ar réanna stairiúla, ós rud é nach gcloíonn imeachtaí stairiúla le dátaí. Ba é an staraí Ungárach Iván T. Berend a chum an téarma, ach tháinig an-tóir air tar éis don staraí Briotanach Eric Hobsbawm é a úsáid in The Age of Extremes, leabhar 1994 a léadh go forleathan.[1]

Eric Hobsbawm
Francis Fukuyama

Úsáidtear an aidiacht "gearr" le haghaidh an 20ú haois sa chás seo mar gheall go bhfuil an-chuid cosúlachtaí idir an tréimhse roimh an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus an 19ú haois, sa chaoi is gur féidir iad a thabhairt le chéile mar aon ré amháin. Tháinig go leor athruithe ar an ord domhanda de bharr an chogaidh, áfach (e.g. ollslógadh), agus go mór mór de bharr na n-eachtraí suntasacha a chuir deireadh leis (réabhlóidí sa Rúis in 1917, sa Ghearmáin agus san Ostair in 1918). Agus meath ag teacht ar mhonarcachtaí i roinnt tíortha na hEorpa, bhí ord nua polaitíochta i gcumhacht in iliomad tíortha i Lár agus Oirthear na hEorpa chomh maith leis na Balcáin.

Ba iad deireadh an Aontais Shóivéadaigh in 1991 agus oscailt Bhloc an Oirthir i dtreo an iarthair ó 1989 na heachtraí a chuir stop leis an gcoimhlint ba thábhachtaí sa dara leath den 20ú haois (an Cogadh Fuar), ionas gur féidir glacadh leis gur thosaigh ré nua ag an bpointe seo. Is minic a thagraítear don tréimhse seo ó 1914 go 1989 mar “aois na n-idé-eolaíochtaí”, mar go raibh an-tionchar ag idé-eolaíochtaí éagsúla ar nós an faisisteachas agus an cumannachas in achar réasúnta gearr. Ba mhór an dul chun cinn a rinneadh i réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta ag an am céanna, amhail airm núicléacha, an tuirlingt ar an ngealach, teicneolaíocht leighis, teilifís, agus meáin chumarsáide eile.

Ós rud é gur thit formhór shaintréithe an 20ú haois i dtréimhse 75 bliain, tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé thart ar 25 bliain "róghearr". Is féidir an ré ó 1789 go 1914/1918 a mheas mar aonad ar an mbealach céanna, ar a dtugtar an "19ú haois fhada”. Tá tubaiste an Chéad Chogaidh Dhomhanda mar deighilt idir an dá ré seo. Tagraítear don 20ú haois mar "aois Mheiriceá" agus don 19ú haois mar "aois na hEorpa" freisin, ós rud é gurbh iad SAM agus mórthíortha na hEorpa faoi seach na náisiúin is cumhachtaí ar domhan, go eacnamaíoch agus go míleata. I ndiaidh scriosta na hEorpa sa dá chogadh domhanda in 1917 agus 1945, ba iad SAM agus APSS an dá ollchumhacht ar domhan.

An t-Am tar éis 1989 cuir in eagar

Meastar gur tháinig ord nua ar an domhan in 1989 a chuir deireadh leis an gcoimhlint idé-eolaíoch, coimhlint a bhí ina saintréithe den 20ú haois. Ina háit sin, tháinig éiginnteacht agus amhras chun cinn sa pholaitíocht idirnáisiúnta.

Feictear Ionsaithe 11 Meán Fómhair 2001 go forleathan mar thús ré nua, agus is i gcomhthéacs seo an Chogaidh in éadan na Sceimhlitheoireachta a phléitear “Atosú na Staire” (mar fhreagairt ar choincheap "Dheireadh na Staire" a raibh go leor údar nualiobrálach ar nós Francis Fukuyama ag súil leis sna 1990idí) nó an “Neamhord Domhanda Nua”.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Eric Hobsbawm: Das Zeitalter der Extreme. Weltgeschichte des 20. Jahrhunderts, München 1995, S. 11, ISBN 3-446-16021-3.