Aa (abhainn)
Is éard is Aa ann ná ainm a thugtar ar a lán aibhneacha beaga Eorpacha. Tagann an focal ón tSean-Ghearmáinis aha, atá gaolmhar leis an bhfocal Laidine aqua, uisce (féach fosta an iarmhír Ghearmánach -ach). Faightear Au agus Aue sa teanga Ghearmánach freisin, cosúil le å i dteangacha Gearmánacha Thuaidh; abhainn leathmhór atá i gceist sna cásanna go léir seo. Mar ea, is ainmneach Béarla é freisin, i bpáirt leis an lucht Scrabble; sruth an chiall leis.
Seo iad a leanas na haibhneacha is tábhachtaí darb ainm seo:
- san Fhrainc:
- an abhainn Aa, i dtuaisceart na Fraince, a ritheann isteach sa Mhuir Thuaidh ag Gravelines agus atá inseolta chomh fada le Saint-Omer.
- san Eilvéis:
- Sarner Aa, craobh-abhainn de chuid Locha Lucerne.
- Engelberger Aa, craobh-abhainn eile de chuid Locha Lucerne.
- Aabach, sa dá chantún Lucerne agus Aargau, a iompraíonn uiscí Lochanna Baldegg agus Hallwil isteach san Aar in aice le Lenzburg.
- sa Ghearmáin:
- an Aa san Iarfhália (Westfälische Aa), a éiríonn sa Choill Teutoburg agus a bhuaileann leis an Werre ag Herford.
- an Aa i Münster (Münstersche Aa), craobh-abhainn de chuid na Ems in aice le Münster.
- an Aa mór (Große Aa), craobh-abhainn eile de chuid na Ems in aice le Lingen.
- agus cúpla ceann eile (Ahauser Aa, Alstätter Aa, Bocholter Aa, Grenzaa, Ibbenbürener Aa, Speller Aa, Steinfurter Aa).
- san Ísiltír:
- Drentse Aa, abhainn bheag sa dá chúige Drenthe agus Groningen agus a ritheann freisin trí chathair Groningen.
- Aa, abhainn i Brabant Thuaidh, a ritheann trí Helmond agus 's-Hertogenbosch.
- Aa nó Weerijs, freisin i Brabant Thuaidh, abhainn bheag in aice le Breda.
- mórán aibhneacha beaga agus canálacha i gcúige Groningen, mar Pekel Aa, Ruiten Aa, Mussel Aa.
- san Laitve:
- Lielupe (as Gearmáinis Kurländische Aa)
- Gauja (as Gearmáinis Livländische Aa), an dá chuid le chéile ag rith isteach i Murascaill Ríga in aice le Ríga