Shinzō Abe
Ba pholaiteoir Seapánach é Shinzō Abe (安 倍 晋 三 Abe Shinzō, 21 Meán Fómhair 1954 - 8 Iúil 2022). Ba é príomh-aire na Seapáine ar feadh tamaill ghairid, idir 2006 agus 2007, agus bhí sé ina príomh-aire arís ón bhliain 2012 go dtí 2020.[1]
Polaitíocht
cuir in eagarPolaiteoir fíorchaomhach a bhí ann a raibh col agus coimhthíos aige leis an tSín go háirithe.[2]
Ar 24 Márta 2020, d’fhógair Abe go raibh an Coiste Oilimpeach Idirnáisiúnta toilteanach Cluichí Oilimpeacha Thóiceo a chur ar an mhéar fhada go 2021.[3]
Éire
cuir in eagarThug Abe cuairt oifigiúil ar Éirinn sa bhliain 2014, a chosnaigh €2,555.94.[4]
Feallmharú
cuir in eagarLámhachadh agus maraíodh Abe ar 8 Iúil 2022 agus é i mbun feachtasaíochta, ag tabhairt óráide ag slógadh polaitiúil, i gcathair Nara, in aice le Osaka. Cé go raibh lucht slándála ina fhochair, tháinig fear (Tetsuya Yamagami) aniar óna chúl, tharraing gunna as mála agus scaoil dhá philéar leis. Bhí sé 67 bliain d'aois.
Gabhadh an fear gunna, Tetsuya Yamagami, 41 bliain agus iarchomhalta d'Fhórsa Cosanta Muirí na Seapáine. Chaith sé an t-iar-Phríomh-Aire le gunna de dhéantús baile.[2]
Ar 12 Iúil, bhí na mílte ar shráideanna phríomhchathair na Seapáine, Tóiceo chun ómós a thabhairt do Shinzo Abe. D'iompair cóiste marbh corp Abe trí an phríomhchathair go dtí halla na sochraide, áit gur créamadh a chorp. Reáchtáladh sochraid phríobháideach ag Teampall Zojoji.[5]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Japan's PM Shinzo Abe resigns, clearing way for successor" (Béarla). Mainichi Shimbun (16 Meán Fómhair 2020).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-07-08). "Iar-Phríomh-Aire na Seapáine Shinzo Abe feallmharaithe" (as ga).
- ↑ "Os cionn 1,500 cás den choróinvíreas anois in Éirinn agus duine eile básaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-08.
- ↑ "€160,000 caite ar ghrianghrafanna ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha le 4 bliana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-12). "Sochraid iar-Phríomh-Aire na Seapáine Shinzo Abe i Tóiceo" (as ga).
Warning: Default sort key "Abe, Shinzo" overrides earlier default sort key "Shinzo, Abe".