Acadamh na Lianna

grúpa dochtúirí agus daoine sna gairmeacha gaolmhara nó le spéis sa leighis

Is éard is Acadamh na Lianna[1] ann ná grúpa dochtúirí agus daoine sna gairmeacha gaolmhara nó le spéis sa leighis a eagraíonn cruinnithe, léachtaí agus eile as Gaeilge in Éirinn.[2] Bunaíodh an Acadamh sna seascaidí déanacha. Idir na bunaitheoirí bhí na dochtúirí Liam Ó Sé, Eithne MacAodh, Roibéard Ó Cuinn agus Niall Ó Gallachóir.

Suaitheantas an chumainn

Foilsíodh stair na heagraíochta faoin teideal Dochtúirí an Dóchais, Stair Acadamh na Lianna 1968-2018,[3] agus seoladh é ag cruinniú na hAcadaimh i mí na Nollag 2018. Colm Ó Sé, dochtúir teaghlaigh agus mac le duine de na bunaitheoirí, a chuir i dtoll a chéile é. Foilsíodh é cothrom agus caoga bliana ó bhunaíodh an cumann.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. the Association of Irish-speaking Medical Doctors
  2. Acadamh na Lianna (2024). "Eagraíocht". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2024-02-11.
  3. Colm Ó Sé. "Dochtúirí an Dóchais; Stair na Lianna 1968-2018" (ga-IE). An Ceathrú Póilí. Dáta rochtana: 2024-02-11.
  4. "Dochtúirí an Dóchais le Colm Ó Sé". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-02-11.