Cúrsóir Gearmánach Admiral Graf Spee
Ba long chogaidh de chuid na nGearmánach í an Admiral Graf Spee, cúrsóir trom nó "cathlong póca" mar a dúirt na Sasanaigh agus ar cheann de na longa cogaidh ba nua-aoisí sna 1930idí, seoid den Kriegsmarine.[1] Seoladh í ar an 30 Meitheamh 1934 i Wilhelmshaven.[2]
Eapainm | Maximilian von Spee |
---|---|
Longchlós | Kriegsmarinewerft Wilhelmshaven |
Uimhir a shanntar ag an longchlós | 125 |
Áit táirgthe | Kriegsmarinewerft Wilhelmshaven |
Costas | 82,000,000 Reichsmark |
Tír chlárúcháin | |
Stair | |
Seoladh loinge | 30 Meitheamh 1934 |
Coimisiúnú | 6 Eanáir 1936 |
Longbhriseadh | scuitleáilte, 17 Nollaig 1939 34° 58′ 18″ S, 56° 18′ 04″ O / 34.9717°S,56.3011°W |
Leag an cíle | |
Oibreoir(í) | |
Saintréithe teicniúla | |
Cineál | cúrsóir trom long bhriste |
Aicme | Deutschland-class heavy cruiser (en) |
Díláithriú | 14890 t (standard displacement (en) ) 16020 t (full-load displacement (en) ) |
Fad | 186 m |
Tiomáint | 8 inneall díosail (39,720 kW) |
Luas | 28.5 kn |
Neamhspleáchas | 16300 nmi a 18.69 kn |
Acmhainn | 30 1,040 |
Saintréithe míleata | |
Armáil |
|
Aerárthach | 1 Heinkel He 60 1 Arado Ar 196 (en) |
Trealamh aerárthach | catapult aerárthaí |
Tuilleadh eolais | |
Coimhlint | an Dara Cogadh Domhanda |
Cath Río de la Plata, 1939
cuir in eagarTharla Cath Río de la Plata[3] ar an 13-14 Nollaig 1939 san Atlantach Theas.
Rinne longa cogaidh de chuid an Chabhlaigh Ríoga díobháil don Admiral Graf Spee agus tugadh chun duga í i Montevideo. Bhí Uragua neodrach ag an am.
Ansin cuireadh an dallamullóg ar na Naitsithe; cheap siad go raibh fórsa mór Briotanach ag fanacht dóibh amach ó chósta Uragua agus go raibh siad sáinnithe í i Montevideo. Mar sin chuir Captaen Langsdorff a long féin go tóin poll san inbhear amach ó Montevideo ar an 17 Nollaig 1939.
Bhain an Bhreatain bua mór amach, cé gur chaill siad cuid mhór mairnéalaigh sa chath. Thug Captaen Langsdorff lámh ina bhás féin in Buenos Aires dhá lá níos déanaí. Shocraigh an-chuid de na mairnéalach Gearmánach síos san Airgintín nó Uragua.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Gheobhadh sibh tuilleadh marach an Graf Spee" a scríóbh Máirtín Ó Cadhain, lch 277 (Leagan CIC, 2009). "Cré na Cille" (as ga). Clo Iar-Chonnacht.
- ↑ "Wilhelmshaven" (as en) (2023-11-01). Wikipedia.
- ↑ "Battle of the River Plate" (as en) (2023-12-13). Wikipedia.
Is síol faoi long míleata é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |