Agóidí i Srí Lanca, 2022


I mí an Mhárta 2022, thosaigh oll-léirsithe i Srí Lanca maidir le géarchéim eacnamaíochta an oileáin.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAgóidí i Srí Lanca, 2022
Íomhá
Cineálagóid
círéib bhia Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse16 Márta 2022 - 
TírSrí Lanca Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisgéarchéim fiachais i Srí Lanca 2021 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
'Gotagogama' nó "Gota Go Village"

Ar 13 Iúil, theith an tUachtarán, Gotabaya Rajapaksa, lena theaghlach go hOileáin Mhaildíve, chun éalú ó lucht agóide sa tír. D'eitil sé an lá dár gcionn go Singeapór agus d'éirigh sé as a phost.[2]

Fógraíodh staid éigeandála sa tír.[1]

Ceapadh Príomh-Aire na tíre Ranil Wickremesinghe ina Uachtarán eatramhach. Ach ar 13 Iúil, thug léirsitheoirí ruathar faoi oifig an Phríomh-aire i bpríomhchathair Shrí Lanca, Colombo. Bhí na léirsitheoirí ag éileamh go n-éireodh Ranil Wickremesinghe as.

De réir na léirsitheoirí, bhí Wickremesinghe, Rajapaksa agus a theaghlach éillitheach agus forlámhach. Bhí na léirsitheoirí ag iarraidh ruaig a chur ar Wickremesinghe freisin. Is tír dheighilte í Srí Lanca go hiondúil ach dúirt tráchtairí go bhfuil daoine ag teacht le chéile in aghaidh a naimhde coiteanna.[3]

Ar 20 Iúil, thogh an Pharlaimint  Ranil Wickremesinghe mar Uachtarán.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-07-13). "Deorghás scaoilte le léirsitheoirí i Srí Lanca" (as ga). 
  2. Reuters (2022-07-13). "Sri Lanka President Rajapaksa set to fly to Singapore via Maldives - government source" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2022-07-14.
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (Iúil 2020). "‎Nuacht Mhall: 16 Iúil 2022 (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-21.
  4. "Sri Lanka: Ranil Wickremesinghe elected president by MPs" (en-GB). BBC News (2022-07-20). Dáta rochtana: 2022-07-21.