Aided Cheit maic Mágach
Scéal de chuid na Rúraíochta i Miotaseolaíocht na nGael is ea Anbhás Cheid mhic Mhágach (Sean-Ghaeilge Aided Cheit maic Mágach), faoin achrann idir Conall Cearnach agus Cead Mac Mágach, agus feall Bélchú fosta.
Achoimre
cuir in eagarI Scéal Muc Mhic Dhathó, bhí Cead mac Mágach na gConnacht agus Conall Cearnach na nUladh masla ar mhasla chuig a chéile le haghaidh na curadhmhíre. Géill Cead níos laige faoi dheoidh, ach mhaslaigh sé Conall go dona.[1] Ina dhiaidh sin, le linn ruathair ar na hUlaidh, mharaigh Cead go leor gaiscíoch, ach mharaigh Conall Cead i gcomhrac fuilteach aonair, cé go raibh sé féin loite go dona.
Thóg brughaidh darbh ainm Béalchú Conall gonta ina thigh isteach, ach d'fhógair sé troid chun báis ina éadan agus é arís leigheasaithe. Agus cumas catha Chonaill ar eolas aige ámh, ghríosaigh Béalchú a thriúr mhac Conall a mharú agus é a leaba. Thuig Conall feall Bhéalchú, cheangail sé Béalchú ina leaba agus mharaigh a mhic féin le sleá é in ionad Chonaill. Mharaigh Conall ansin an triúr agus bhain sé a gcinn díobh agus dá n-athair fosta mar éiric na cogaíochta.
Foinsí
cuir in eagar- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Téacs (aistriúchán Béarla): The Death of Cet Mac Magach ar The Celtic Literature Collective
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Rudolf Thurneysen: Sagen aus dem alten Irland. Berlin 1901, Nachdruck Insel Taschenbuch 1301, Frankfurt/M. 1991, ll. 16 ff.