Ba nós ársa i miotaseolaíocht na nGael í an churadhmhír[1] (Sean-Ghaeilge curadmír; caur [sic], gu. curad[2]), inar tugadh tús áite agus, dá bharr, an mhír feola is fearr don laoch is cróga i meas ag an bhfleadh. Go minic, was disputed í go fiachmhar, is le maíomh is le hairm. Tá an nós le fáil go háirithe i seanscéalta na Rúraíochta. Feictear a lethéid de rud i nósanna stairiúla na gCeilteach ársa as mór-roinn na hEorpa, mar a recorded scríbhneoirí clasaiceacha.

Scéal Muc Mhic Dhathó cuir in eagar

Bhí achrann ana son na curadhmhíre idir gaiscí na nUladh agus na gConnacht, aíonna ag fleadh Dhathó i Laighin. Mhaígh siad as a gníomhartha gaisce agus í ndeireadh na dála, d'aithníodh gurbh é Cet mac Mágach, laoch na gConnacht, an fear is cróga i láthair. Díreach agus é ar tí an muc a spóladh, tháinig laoch na nUladh, Conall Cernach, ar an bhfód, agus de bharr a mhaímh b'éigean dó géilleadh. Dúirt sé ámh, dá mbeadh a dheartháir Anluan ann, bheadh ar Chonall géilleadh. Mar fhreagairt, chaith Conall ceann úrbhainte Anluain chuig Cet. Spól Conall an muc mar a tuilleadh dó, ach thug sé mír chomh beag sin dá Chonnachta gur tharla cath eatarthu.[3]

Fleadh Bhricreann cuir in eagar

Príomhalt: Fleadh Bhricreann

Thug Bricre, file agus síorscabhaire, cuireadh d'fhir na nUladh go fleadh á eagrú aige agus an churadhmhír ní amháin le torc rósta, ach i dteannta sin coire fíona agus céad cakes of wheat baked in honey. Roimh an bhfleadh, thug sé cuairt ar an triúr laochra, Cú Chulainn, Conall Cernach agus Laoghaire Buach, duine ar dhuine, agus mhol sé dóibh an churadhmhír a éileamh. Sheas an triúr agus d'éiligh an mhír, agus is beag nár thosaigh troid. Chun foréigean a chosc, iarradh ar Ailill agus ar Mhéabh na gConnacht, agus ansin ar Chú Raoi na Mumhan, beidh a thabhairt ar an achrann. Rinneadh sraith tástála cumais agus crógachta, agus tar éis gach aon acu, tugadh breith gur bhuaigh Cú Chulainn. Dhiúltaigh Conall agus Laoghaire an breithiúnas a ghlacadh ámh, agus níor bronnadh an churadhmhír.

Ag Eamhain Mhacha arís, thug fathach fir cuairt ar an triúr. Thug sé dúshlán dóibh, iad triúr duine ar dhuine a cheann a bhaint de, ach ansin go dtuga siad cead dó féin a chinn a bhaint díobh an lá dár gcionn. Rinne Laoghaire, Conall agus Cú Chulainn mar a d'iarr sé, ach phioc an fathach a cheann suas agus d'imigh leis. Bhí Laoghaire agus Conall as láthair nuair a d'fhill an fathach, ba é Cú Chulainn amháin a sheas lena fhocal. Shín sé a mhuineál don tua, ach lig an fathach a shaoil leis, mar thoradh a chrógachta agus a dhea-chlú. Nocht sé gur Chú Raoi é, agus d'fhógair sé gur le Cú Chulainn gan séanadh an churadhmhír.[4]

Tagairtí clasaiceacha cuir in eagar

Deir Athenaeus, ach lua saothair caillte den staraí agus tíreolaí an 2a/1d aoise RC, Posidonius, go mbíodh mar nós measc na gCeilteach, go nglacadh an fear is cróga ceathrú deiridh na muice, agus go socraíodh achrann le comhrac aonair go bás.[5] Deir Diodorus Siculus freisin go dtugadh nna Ceiltigh na spólaí feola is fearr chuig na fir is cróga.[6]

Ficsean cuir in eagar

  • Sa ghreannán de chuid 2000 AD, Slaine the King, troideann beirt gaiscí de dhream Slaine le haghaidh na curadhmhíre. I ndeireadh na dála, sháigh Gwalchazad the Ram Dundan Skullsmasher lena scian.[7]
  • Tarlaíonn achrann níos lú fíochmhar faoin gcuradhmhír in Asterix in Belgium. Bagraíonn beirt taoiseach Beilgeach a gclampar a réiteach le doirne, go dtí go leagtar amach mír chomh mór céanna.[8]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): curadhmhír” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-02-27.
  2. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, 1998, ll. 77-78)
  3. N. Kershaw Chadwick, "Scél Mucci mic Dathó", An Early Irish Reader, Cambridge University Press
  4. George Henderson (eag. agus aistr.), "Fled Bricrend (The Feast of Bricriu)", Irish Texts Society Vol 2, 1899
  5. Athenaeus, Deipnosophists 4.40
  6. Diodorus Siculus, Historical Library 5.28
  7. Slaine the King
  8. Asterix in Belgium