Anbhás Chonchúir
I Miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid na Rúraíochta is ea Anbhás Chonchúir (Sean-Ghaeilge Aided Chonchobuir). Caomhnaítear an scéal i gcúig lámhscríbhinn, ina measc trí leagan éagsúla. Sa Leabhar Laighneach, faightear leagan gar-iomlán, i dteannta leis an réamhscéal, Cath Éadair.
Achoimre
cuir in eagarI rith Chath Éadair, bhain laoch na nUladh, Conall Cearnach a cheann de rí na Laighean, Meas Geaghra, agus rinne sé meall dó chomh crua le cloch, ag meascadh a inchinne le haol beo. Tugadh an meall seo ar ais go cúige Uladh mar chreach cogaidh. Ghoid gaiscíoch na gConnacht, Cead mac Mágach, an meall, agus thóg sé é dá chrann tabhall. Bhuail sé Conchúr mac Neasa san éadan leis, agus chuaigh sé i bhfostú ina inchinn isteach. Níorbh fhéidir leis na lianna an meall a thógaint amach as eagla go marófaí siad an rí, ach d'éirigh leo ina ainneoin Conchúr a shábháil.[1]
Seacht mbliana ina dhiaidh sin, chuala Conchúr faoi chéasadh Chríost. I leagan amháin den scéal, tugadh an oiread sin racht feirge as dá bharr, gur léim an meall as a chionn amach agus fuair sé bás den chneá oscailte. De réir an nóis seo, mairtíreach Críostaí ba ea Conchúr roimh theacht fiú Naomh Pádraig.
I lámhscríbhinn eile, bhí beirt bhuachaillí ag imirt peile leis an meall in aice le rí-thigh Chonchúir. Thóg Cead mac Mágach an meall uathu agus chaith sé leis an rí é. As sin amach, is ionann an scéal agus an leagan thuas.[2]
Foinsí
cuir in eagar- Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
- Ingeborg Clarus: Keltische Mythen. Der Mensch und seine Anderswelt. Walter Verlag 1991, ppb-Ausgabe Patmos Verlag, Düsseldorf, 2000, 2. Auflage, ISBN 3-491-69109-5.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Aided Chonchobuir ar CODECS
- Aided Chonchobuir ar Irish Sagas Online
- Aided Chonchobuir ar Corpas Stairiúil na Gaeilge