Aided Muirchertaig meic Erca

I miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Anbhás Mhuircheartaigh mhic Earca (Meán-Ghaeilge Aided Muirchertaig meic Erca). Creidtear gur scríobhadh an téacs san 11ú haois. Caomhnaítear é i Leabhar Buí Leacáin agus lámhscríbhinn eile den 15ú haois.

Scéal cuir in eagar

Agus é amach i mbun seilge, buaileann an rí stairiúil den 6ú haois, Muircheartach mac Muireadhaigh (Mac Earca), le cailleach álainn mheallacach darb ainm Sín. Agus a chroí istigh inti, cuireann sé an ruaig ar a bhean chéile agus a chlann. Cuireann an sagart Cairneach dá bharr mallacht air (féach Glám dícenn). Cuireann an cailleach ámh Muircheartach ar mire, go dtí go gcuireann sé a theach trí thine. Titeann sé i mbairille fíona, buailtear é ag sail dín agus éagann sé sna lasracha — 'bás tréaga' atá ann.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar