Aigéad clórúil
comhdhúil cheimiceach
Comhdhúil neamhorgánach is ea an t-aigéad clórúil leis an bhfoirmle HClO 2. Is aigéad lag é. Tá staid ocsaídiúcháin +3 ag an gclóirín san aigéad seo. Tá an tsubstaint íon éagobhsaí, ag díchomhréiriú chuig an aigéid hipeaclórúil (Cl staid ocsaídiúcháin +1) agus an t-aigéad clórach (Cl staid ocsaídiúcháin +5):
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 67.967 Da |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | ClHO₂ |
SMILES canónta | Model 2D OCl=O |
InChI | Model 3D |
- 2 HClO 2 → HClO + HClO 3
Cé gur deacair an t-aigéad a fháil i substaint íon, tá an bun comhchuingeach, clóirít, a dhíorthaítear ón aigéad seo cobhsaí. Sampla amháin de shalann den ainian seo is ea clóirít sóidiam a bhfuil aithne mhaith air. Uaireanta úsáidtear é seo agus salainn ghaolmhara i dtáirgeadh dé-ocsaíd chlóirín.
Ullmhúchán
cuir in eagarIs féidir HClO 2 a ullmhú trí bhairiam nó clóirít luaidhe agus aigéad sulfarach caol a himoibriú le chéile.
- Ba(ClO2)2 + H2SO4 → BaSO4 + 2 HClO2
- Pb(ClO2)2 + H2SO4 → PbSO4 + 2 HClO2