Is é an t-aigéad hipeaclórúil an ceann is laige d'ocsaigéid an chlóirín, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín ann ná +I. HClO an fhoirmle, ach is fearr HOCl a úsáid má theastaíonn fíorstruchtúr an mhóilín a léiriú. Ní féidir an t-aigéad hipeaclórúil a aonrú ón uisce, chomh héagobhsaí is atá sé mar chomhdhúil. Cé gur aigéad lag é, is ocsaídeoir láidir é, agus is í an úsáid is mó a bhaintear as an aigéad seo ná úsáid an ocsaídeora. Ocsaídeoirí iad na hipeaclóirítí freisin, mar a thugtar ar shalainn an aigéid hipeaclórúil. Ós rud é gur ocsaídeoirí iad, tagann na hipeaclóirítí isteach áisiúil sa bhléitseáil agus mar fhrithsheipteáin, is é sin, leis na baictéir a mharú i gcneánna.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAigéad hipeaclórúil
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach51.972 Da
Fionnachtaí nó aireagóirAntoine Jérôme Balard
Tacsón ina n-aimsítear é
RólOibreán ocsaídithe
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachClHO
SMILES canónta
InChIModel 3D

Má thuaslagtar gás clóirín san uisce, is éard a gheofar ná aigéad hidreaclórach HCl agus aigéad hipeaclórúil HClO. Sórt díréiriúcháin atá i gceist leis an imoibriú seo.