Alasdair Calum MacEoghainn

Polaiteoir agus aturnae Albanach ab ea An Ridire Alasdair Calum MacEoghainn (10 Eanáir 1875 – 29 Meitheamh 1941) [1] a bhí ina cheannaire tionscnaimh ar an Scottish National Party (SNP) ó 1934 go 1936 .

Infotaula de personaAlasdair Calum MacEoghainn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Eanáir 1875
Calcúta Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Meitheamh 1941
66 bliana d'aois
Ceasag a Tuath, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Clifton
Ollscoil Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPàrtaidh Nàiseanta na h-Alba Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Alasdair MacEoghainn ar 10 Eanáir 1875 i gCalcúta na hIndia, mac le Robert Sutherland Taylor MacEoghainn (1839-1900), abhcóide ó Dhornach a sheirbheáil san India mar Thaifeadadóir Rangún.[2] Fuair MacEoghainn a chuid oideachais i "Clifton College" , Bristol [3] agus in Ollscoil Dhún Éideann. Tar éis dó cáiliú mar aturnae i 1901, thosaigh sé ar a ghairm bheatha dhlíthiúil i Steòrnabhagh, sula ndeachaigh sé isteach i ngnólacht dlí Stewart Rule & Co. in Inbhir Nis, áit a raibh sé ina chomhpháirtí sinsearach ina dhiaidh sin.[1]

Gairm pholaitiúil cuir in eagar

Chuaigh MacEoghainn isteach sa Chomhairle Baile in Inbhir Nis i 1908, agus é ina bhall den Pháirtí Liobrálach (Ríocht Aontaithe), agus, cé gur éirigh sé as níos déanaí, cuireadh ina luí air filleadh i ndiaidh an Chogaidh Mhóir.[4]Toghadh é ina phropaist i 1925 agus bhí an post sin aige go dtí 1931. Le linn a thréimhse in oifig, chuir an Propast MacEoghainn scéimeanna chun cinn chun sláinte agus tithíocht phoiblí Inbhir Nis a fheabhsú, agus bhí sé ina bhall de Chomataidh Foghlaim Siorrachd Inbhir Nis, agus mar Chathaoirleach ar Stiùirichean an Ospadail Rìoghail a Tuath. Bhí sé freisin ina chomhairleoir ar Shiorrachd Inbhir Nis, ag déanamh ionadaíochta ar Bheinn na Faoghla.[2]

Bhí sé ina Cheannaire ar Chomunn Gàidhlig Inbhir Nis i 1930.[5]

Sa bhliain, bhí MacEoghainn ar dhuine de bhunaitheoirí an Scottish Party, agus i bhfothoghchán Chill Mheàrnaig sa bhliain 1933 sheas sé mar chomhiarrthóir an Scottish Party agus an National Party of Scotland, ag teacht sa cheathrú háit le 6,098 vóta.[6][7]

Ceannaireacht Pháirtí Náisiúnta na hAlban (1934-1936) cuir in eagar

Le cónascadh an National Party of Scotland agus an Scottish Party ar 7 Aibreán 1934 chun an Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (PNA) (Béarla: Scottish National Party (SNP) a bhunú, toghadh MacEòghainn ina chéad cheannaire ar an bpáirtí nua.[8] Bhí feidhmíocht an pháirtí in olltoghchán 1935 díomách agus níor bhain ach Inbhir Nis agus MacEoghainn sna hOileáin Thiar torthaí measúla amach.

D’éirigh MacEoghainn as mar cheannaire ar an PNA i 1936, nuair a tháinig Andrew Dewar Gibb i gcomharbacht air. Fuair sé bás ina theach cónaithe ar an Eilean Dubh i 1941, in aois a 66 bliain. Bhí triúr mac agus beirt iníonacha ag MacEòghainn. Chuaigh a mhac Maolchoilm isteach i bPáirtí Cumannach na Breataine Móire agus rinneadh caomhantóir mór le rá de.[9]

Onóracha cuir in eagar

Rinne an Rí Seoirse V ridire de in Onóracha Breithlá 1932 le haghaidh seirbhísí don rialtas áitiúil agus do shláinte an phobail in Albain.[10] Tá MacEwen Drive in Inbhir Nis ainmnithe ina dhiaidh.[9] [1]

Foilseacháin cuir in eagar

  • The Thistle and the Rose - Fadhb na nAlbanach Sa Lá Atá, 1932
  • Albain ar Scoil - Oideachas do Shaoránacht, 1938
  • I dTreo Saoirse, 1938

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Sir Alexander Malcolm MacEwen”. Am Baille. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 October 2014. Dáta rochtana: 16 May 2015. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "Am Baille" defined multiple times with different content
  2. 2.0 2.1 Scottish Highland Photo Archive - Image Detail”. scottishhighlanderphotoarchive.co.uk. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "scottishhighlanderphotoarchive.co.uk" defined multiple times with different content
  3. "Clifton College Register" Muirhead, J.A.O. p159: Bristol; J.W Arrowsmith for Old Cliftonian Society; April, 1948
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-10-10. Dáta rochtana: 2023-03-17.
  5. History 2”. Gaelic Society of Inverness.
  6. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Glasgow Herald.
  7. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Scotsman.
  8. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Glasgow Herald.
  9. 9.0 9.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Glasgow Herald.
  10. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Edinburgh Gazette.