Alastair MacIlleMhìcheil
Is polaiteoir Daonlathach Liobrálach é Alastair MacIlleMhìcheil (Béarla: Alistair Carmichael) agus ball de Pharlaimint Westminster thar ceannn Inse Orc agus Shealtainn ó 2001.
Ó Dheireadh Fómhair 2013 go Bealtaine 2015 bhí sé ina Rúnaí Stáit ar Albain .
Rugadh é in Íle, rinne sé staidéar in Ollscoileanna Ghlaschú agus in Obar Dheathain . D’fhóin sé mar dhlíodóir agus mar leas-procadair na Corónach go dtí 2001.
Conspóid
cuir in eagarAr an 4 Aibreán 2015, le linn fheachtas an olltoghcháin bhí baint ag MacIlleMhìcheil le meamram a sceitheadh ó Oifig na hAlban faoi ráitis a líomhnaítear a rinne ambasadóir na Fraince Sylvie Bermann faoi Nicola Sturgeon, ag maíomh go ndúirt Sturgeon go príobháideach gur fearr léi “David Cameron remain as PM", i gcodarsnacht leis a taifead poiblí, nuair a dúirt sí go raibh sí in éadan rialtas Coimeádach. Go gasta, shéan ambasadóir na Fraince, Ard-Chonsal na Fraince agus Sturgeon í féin fírinneacht an mheamraim. Ag am an sceite, shéan MacIlleMhìcheil gach eolas faoi sceitheadh an mheamraim in agallamh teilifíse le Channel 4. News. Tar éis an toghcháin, ghlac MacIlleMhìcheil go raibh ábhar an mheamraim mícheart, agus d’admhaigh sé gur inis sé bréag, agus gur údaraigh sé an meamram míchruinn a sceitheadh chuig na meáin. Tharla sé seo tar éis d’fhiosrúchán ón Oifig Comh-Aireachta ról MacIlleMhìcheil sa sceitheadh a aithint. Fuair an fiosrúchán taifid teileafóin a chruthaigh go ndearna Euan Roddin, Comhairleoir Speisialta MacIlleMhìcheil, teagmháil leis an Telegraph an 1 Aibreán, dhá lá sula raibh an scéal le feiceáil. Ghabh MacIlleMhìcheil leithscéal agus ghlac sé leis dá mba rud é go raibh sé fós ina aire rialtais, gur ábhar é seo a mbeadh éirí as oifig ag teastáil uaidh.
Thaisc ceathrar toghthóirí as Inse Orc agus Shealtainn achainí toghcháin an 29 Bealtaine 2015, an dáta deireanach is féidir chun é seo a dhéanamh tar éis olltoghcháin an 7 Bealtaine, ag iarraidh shuíocháin MhicIlleMhìcheil a bhaint de agus fothoghchán a chur i bhfeidhm. An 2 Meitheamh 2015, sheol an Coimisinéir um Chaighdeáin Pharlaiminteacha imscrúdú ar a iompar, faoi ailt 10, 14 agus 16 den Chód Iompair, ach éiríodh as an imscrúdú seo toisc gur tháinig MacIlleMhìcheil ar an eolas faoin meamram trí Oifig na hAlban agus ní ina cháil mar Theachta Parlaiminte. Cinneadh an 9 Nollaig 2015 nár cruthaíodh thar aon amhras réasúnach go ndearna sé “cleachtas mídhleathach” agus tugadh cead dó a shuíochán a choinneáil. I mí Feabhra 2016, diúltaíodh dá iarratas ar chostais, rud a d’fhág go raibh sé £ 150,000 as póca. Thug ceannaire Dhaonlathaithe Liobrálacha na hAlban Willie Rennie £ 750 i leith a chostais. Bronnadh £ 50,000 ar MacIlleMhìcheil i leith na gcostas ó Iontaobhas Athchóirithe Joseph Rowntree.