Díolaim amhrán nó dréachtaí ceoil a bhfuil baint acu lena chéile agus a chuirtear le fáil go poiblí is ea albam ceoil. Is gnách albam ceoil a dháileadh ar bhunús trádálach, cé go ndíolann cuid ceoltóirí a n-albaim do díreach len a lucht leanúna ag ceolchoirmeacha nó tríd a suíomhanna idirlín.

Rinneadh na chéad albaim ag cur ceirníní 78 rpm le chéile faoi chlúdaigh i bhfoirm leabhair.

Is féidir na traiceanna ar albam a bheith ceangailte trí mheán téama, gné ceoil nó seanra coiteann. Uaireanta bíonn teachtaireacht éigin á chur in iúl nó i gcás albam choincheapúil scéal á insint. Is féidir freisin albam a eisiúint i gcomhar taifeadán a rinneadh ag am nó áit amháin, albam ceolchoirme mar shampla. Thig le comhlacht nó sealbhóir cóipchirt eile albam a eisiúint le rogha saothair dá gcuid.

Is féidir albam a sheoladh ar an margadh i bhformáidí difriúla, mar shampla ceirnín, caiséad, dlúthdhiosca (CD), DVD, MP3, AAC nó taifeadadh Digiteach Dírshrutha (DSD).