Albany, an Astráil Thiar
Port agus cathair san Astráil Thiar is ea Albany (fuaimniú: /ˈælbəni/), atá suite 418 km ó phríomhchathair an stáit, Perth. Sa bhliain 2009, bhí timpeall ar 33,600 duine ina gcónaí ann, agus mar thoradh is an séú chathair is mó sa stát é.
Albany, an Astráil Thiar | ||||
---|---|---|---|---|
Albany (en) | ||||
Ainmnithe in ómós | An Prionsa Frederick, Diúc Eabhrac agus Albany | |||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Astráil | |||
Stát de chuid na hAstráile | Iarthar na hAstráile | |||
Local government area of Western Australia (en) | City of Albany (en) | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 25,196 (2006) | |||
• Dlús | 285.35 hab./km² | |||
Teanga oifigiúil | Béarla na hAstráile | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 88.3 km² | |||
Airde | 0 m | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 1826 | |||
Eacnamaíocht | ||||
Airgeadra | Dollar na hAstráile | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | 6330 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | albany.wa.gov.au |
Tá lár na cathrach suite ar imeall thuaidh Calafort Princess Royal, cuid de ‘King George Sound’. Bunaíodh Albany i mí an Eanáir sa bhliain 1829, mar bhunáit mhíleata de chuid New South Wales. Thugtaí Frederickstown air in ómós don Phríonsa Frederick, Diúc Eabhrac agus Albany.
Is é Albany an bhaile is sine san Astráil Thiar, toisc go raibh sé bunaithe dhá bhliain níos luaithe ná Perth agus Fremantle.
Stair
cuir in eagarBa iad na Bundúchasaigh Menang Noongar an chéad ghrúpa ina gcónaí sa cheantar, a bhain úsáid as an ndúiche le linn an samhridh chun iascaireacht agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh. Thugtaí Kingjarling ar an gceantar, nó “áit na báisteach” sa theanga Noongar.
Ba iad an chéad taiscéalaithe Eorpacha ná foireann an bháid Ollannach Gulden Zeepaert, le François Thijssen sa bhliain 1627. Sheol siad thar an cósta theas, i dtreo na hAstráile Theas.
Scrúdaigh an taiscéalaí Sasanach George Vancouver an cósta theas arís sa bhliain 1791, agus bháist sé ‘King George Sound’ air. Ba é Albany an áit a rinne sé éileamh ar ‘New Holland’ ar son Choróin na Breataine, ar 27 Meán Fómhair, 1791.
Um Nollaig sa bhliain 1826, tháinig sluaíocht Bhriotanach i dtír ó Sydney ar an Amity, le Major Edmund Lockyer i gceannas, agus bunaíodh bunáit mhíleata ann. Tharrtháil Lockyer mná Búndúchasacha ón hóileáin cóngarach, a raibh fuadaithe mar sclábhaithe gnéasacha, le sealgairí rónta ag obair sa King George Sound. Rug sé orthu, agus sheol sé iad chuig Sydney chun trialach. Mar thoradh, bhí ‘corroboree’ ag na Menang Noongar ar a shon.
An Chéad Chogadh Domhanda
cuir in eagarBailíodh báid an Fórsa Impiriúil na hAstráile agus Fórsa Sluaíochta na Nua-Shéalainn (thugtaí ‘na ANZACS’ orthu ina dhiaidh sin) in Albany i ndeireadh Deireadh Fómhair, 1914.
Tíreolaíocht
cuir in eagarTá lár an cathrach suite idir na cnoic Sliabh Melville agus Sliabh Clarence.
Tionscal
cuir in eagarIs iad na príomhthionscail Albany ná turasóireacht, iascaireacht agus talmhaíocht.
Aeráid
cuir in eagarAlbany – Aeráid | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
Teocht is airde (°C) | 41.7 | 44.8 | 40.8 | 37.7 | 35.2 | 24.6 | 22.8 | 27.3 | 30.6 | 36.2 | 41.1 | 42.2 | 44.8 |
Meán-uasteocht an lae (°C) | 22.8 | 22.9 | 22.2 | 20.8 | 18.6 | 16.5 | 15.7 | 16.3 | 17.2 | 18.4 | 20.3 | 21.8 | 19.5 |
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 15.1 | 15.4 | 14.6 | 12.7 | 10.7 | 9.0 | 8.1 | 8.3 | 9.2 | 10.4 | 12.4 | 14.0 | 11.7 |
Teocht is ísle (°C) | 7.8 | 7.2 | 6.1 | 4.8 | 2.4 | 1.7 | 0.1 | 1.6 | 2.0 | 3.4 | 5.6 | 6.7 | 0.1 |
Meán-bháisteach (mm) | 24.0 | 22.9 | 38.4 | 69.0 | 117.4 | 133.1 | 144.0 | 126.2 | 101.4 | 79.4 | 44.6 | 29.5 | 930.0 |
Foinse: Bureau of Meteorology[1] Meán Fómhair 2011 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Albany", Bureau of Meteorology (30 Meán Fómhair, 2011).
Is síol faoi thíreolaíocht na hAstráile é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |