Is comhdhúile nádúrtha ceimiceacha iad na halcalóidigh a bhfuil adaimh bhunata nítrigine iontu. Tá an t-ainm féin bunaithe ar an téarma "alcaileach" a chiallaíonn "bunata". I dtús báire, ba nós leis na ceimiceoirí "alcalóideach" a thabhairt ar na comhdhúile bunata go léir a raibh adaimh nítrigine iontu - na haimíní san áireamh. Bíonn alcalóidigh le fáil ina lán beothach, idir bhaictéir, phlandaí, ainmnithe agus fhungais. Táirgí nádúrtha iad den chineál a dtugtar meitibilítí tánaisteacha orthu. Is é sin, tá ról acu i meitibileacht an bheothaigh, ach níl siad chomh tábhachtach is a gheobhadh an beothach bás ina n-uireasa. Is iomaí alcalóideach a bhfuil nimh, cógas nó druga ann.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAlcalóideach
Substaint cheimiceachclass of chemical entities with similar source or occurrence (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach na caiféine. Alcalóideach xaintíneach í an chaiféin, nó dá gcuirfeá adamh hidrigine in áit gach ceann den trí CH3, gheofá xaintín.

Is é an modh oibre tipiciúil le halcalóideach a tháirgeadh ná an t-úscadh aigéid agus buin. Is é sin, úsáidtear aigéad leis an alcalóideach bunata a chlaochlú go hian. Tá na hiain níos sothuaslagtha san uisce ná an chomhdhúil neodrach, agus mar sin, faightear tuaslagán atá saibhir san alcalóideach. Ansin, aonraítear an t-alcalóideach as an tuaslagán uisce seo.

Is féidir alcalóidigh a úsáid mar chógais nó mar dhrugaí, toisc go n-oibríonn siad ar an orgánach daonna ar go leor bealaí. Ábhair andúile atá i gcuid mhaith acu. Féach, mar shampla, cócaon, caiféin, nicitín, moirfín agus cuinín.

Struchtúr ceimiceach na heifidríne, alcalóideach feiniolalainíneach

Cineálacha cuir in eagar

Is gnách na halcalóidigh a rangú de réir a struchtúir cheimicigh. Má thugtar "alcalóideach tropánach" ar alcalóideach áirithe, is ionann é agus a rá go bhfuil sé cosúil leis an tropán ó thaobh an struchtúir de, agus gur féidir móilín an alcalóidigh sin a shamhlú le móilín an tropáin. Tá alcalóidigh eile ann a bhfuil struchtúr a móilíní níos cosúla leis an bpiridín nó leis an bpúirín, agus mar sin de.

Nuair nach raibh mórán eolais ann ar bhithshíntéisiú na n-alcalóideach luaití iad le comhdhúile a bhí ann cheana, rud a dhéantaí go fiú i gcás alcalóidigh nach bhfuil adaimh nítrigine ar bith iontu. Má fhaightear breis eolais ar alcalóideach luafar le grúpa nua é, rud is gnách a dhéanamh de réir an aimín a bhfuil tábhacht leis sa síntéisiú.

Ní bhíonn an rangú ródhian i gcónaí. Is féidir alcalóideach cuineoilíneach nó alcalóideach iondóileach a thabhairt ar an stricnín, ó tá struchtúr an stricnín cosúil leis an iondóil agus leis an gcuineoilín araon, agus uaireanta b'fhearr béim a chur ar cheann amháin acu ná ar an gceann eile.

Tugtar fíor-alcalóidigh orthu siúd a bhfuil fáinne d'adaimh ina móilín, agus adamh nítrigine san fháinne. Thairis sin, ní mór gur féidir struchtúr aimíonaigéid a aithint ar an bhfáinne - is é sin, gur féidir an fáinne sin a chruthú trí shlabhra oscailte adamh an aimíonaigéid a dhúnadh. Is eisceacht iad na halcalóidigh a bhfuil struchtúr a bhfáinne bunaithe ar an bhfeiniolalainín. Tugtar prótalcalóidigh orthu seo. Alcalóidigh bhréige iad na halcalóidigh eile, na cinn phúiríneacha mar shampla.


  • Nicitín. Tá an t-alcalóideach seo le fáil sa tobac, agus é ar ceann de na halcalóidigh is tábhachtaí amuigh. Is é an nicitín is cúis leis an andúil a chuireann na daoine sa tobac, nó is spreagthach é.
  • Atroipín. Tá sé le fáil go nádúrtha i lus na hoíche (lus mór na coille, Atropa belladonna). Maolaíonn sé feidhmiú na néaróg, agus is féidir leis an croí a stopadh. Alcalóideach tropánach é.
  • Cócaon. Alcalóideach tropánach eile atá ann, agus é le fáil go nádúrtha sa chóca. Is gnách cócaon glan a mhínghlanadh lena dhíol mar dhruga mídhlíthiúil, ach úsáidtear duilleoga an chóca go coitianta mar leigheas ar an "ngalar sléibhe", galar ar easpa ocsaigine is cúis leis. Fásann an cóca go nádúrtha i Meiriceá Theas.
  • Cuinín. Alcalóideach cuineoilíneach atá ann a mbaintear úsáid as le maolú ar an bhfiabhras agus ar an maláire. Ba iad na bundúchasaigh Mheiriceánacha sna hAindéis ba thúisce a thosaigh á úsáid, nó tá sé le fáil go nádúrtha i screamh an chrainn úd Cinchona, crann atá ag fás i Meiriceá Theas. Ba iad na hÍosánaigh ba túisce a thug eiseamail de screamh an chrainn go dtí an Eoraip.
  • Brúisín. Alcalóideach cuineoilíneach é. Nimh thritheamhach atá ann, ar nós an stricnín.
  • Stricnín. Alcalóideach cuineoilíneach atá ann freisin, agus é le fáil go nádúrtha sa chrann Strychnos nux-vomica. Úsáidtear é le héin agus francaigh a mharú.
  • Moirfín. Alcalóideach feanaintréineach é. Is é an príomhoibreán gníomhach sa chodlaidín (óipiam). Anailgéiseach atá ann, is é sin, cógas a mhaolaíonn na pianta, ach ón taobh eile de, is druga é chomh maith a gcuireann na daoine andúil ann.
  • Cóidín. Alcalóideach feanaintréineach eile é agus é an-chosúil leis an moirfín ina struchtúr ceimiceach. Maolaíonn sé pian agus casacht, agus úsáidtear go forleathan é ós rud é nach bhfuil sé leath chomh contúirteach leis an moirfín.
  • Caiféin. Ceann de na xaintíní (alcalóidigh phúiríneacha) atá ann, agus é le fáil sa chaifé agus sa tae. Spreagthach atá ann.

Tréithe fisiceimeacha cuir in eagar

Alcalóidigh ar mheáchan éadrom móilíní nach bhfuil deontóirí nasc hidrigineach acu is minic iad ina leacht le teocht an tseomra - nicitín, mar shampla. Tá bunatacht na n-alcalóideach ag brath ar na péirí leictreon timpeall na n-adamh nítrigine iontu. Ós rud é gur bunanna orgánacha iad, cruthaíonn na halcalóidigh salainn in éineacht le haigéid mhianraí ar nós aigéad sulfarach agus le haigéid orgánacha ar nós aigéad tartarach. Bíonn na salainn seo níos sothuaslagtha san uisce ná na halcalóidigh féin.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar