Is alcalóideach tropán criostalach é cócaon a fhaightear ó dhuillí an phlanda cóca, nó C17 H2I N04, alcalóideach bán a eastósctar ó dhuilleoga toim ar leith ó Mheiriceá Theas.[1]

WD Bosca Sonraí DrugaCócaon
Spriocghalarpian agus casacht
Sonraí cliniciúla
Riosca le linn toirchisUS pregnancy category C (en) Aistrigh
Bealachtopical medication (en) Aistrigh agus inséideadh
Grúpa cógaseolaíochtaeistear, tertiary amine (en) Aistrigh agus cocaine (en) Aistrigh
Cód ATCN01BC01, S01HA01, R02AD03 agus S02DA02
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
FoirmleC17H21NO4
Mais mhóilíneach303.147 Da
Dlús1.22 g/cm³
Leáphointe98 °C
Fiuchphointe187 °C
Aitheantóirí
Uimhir CAS50-36-2
PubChem (SID)446220
IUPHAR/BPS2286
DrugBank00907
ChemSpider10194104
UNIII5Y540LHVR
KEGGD00110
ChEBI27958
ChEMBLCHEMBL370805
PDB liogann IDCOC
ECHA100.000.030

Táirgeadh cuir in eagar

Is as cóca, a fhásann sa Mheiriceá Theas, a dhéantar an cócaon. Úsáidtear a lán breosla peitril chun an púdar bán céanna a dhéanamh (agus tá sé ráite dá gcífeadh an dream a úsáideann an cocaon an próiseas fhéin, ná bacfaidís leis, tá an próiseas chomh salach míshláintiúil).[2]

Do mhargadh na hEorpa agus na Stát Aontaithe is mó a dhéantar é.

Úsáid cuir in eagar

Spreagthach cumhachtach atá ann, a úsáidtear mar druga áineasa uaireanta, mar gheall ar a airíonna spreagthacha, atá cosúil le hairíonna amfataimín. Ar na bealacha úsáide is mó ná snortáil, an toit a ionanálú nó uisce a chuir leis agus an leacht a instealladh.

Úsáidtear fós cócaon mar ainéistéiseach áitiúil é, san oftailmeolaíocht go háirithe. Ach mí-úsáidtear go han-fhorleathan é: smúrtar an púdar agus, nuair a athraítear ina chnagchócaon é, caitear i bpíopa é. Cuireann sin tús le handúil, go príomha i bhfoirm an chnagchócaon caite.

Milín an chocaoin

Iarmhairtí aigne cuir in eagar

Is iad na hiarmhairtí aigne ná bac a chur ar an réalachas, mothúchán de dhian-sonas nó corraíl. I measc na hiarmhairtí fisiciúla ná ráta croí ardaithe, ag cur allais nó mac imrisc mór.

Anuas ar sin, is féidir le dáileog ard an brú fola agus an teocht a sheoladh ró-ard. Bíonn na hiarmhairtí á bhreathnú idir soicindí agus nóiméid, agus leanann siad idir cúig agus nócha nóiméad.

Stair cuir in eagar

Bhain Freud úsáid as chun lagú misnigh a chuid othar a fheabhsú. Tháinig a chomhghleacaí CarI Koller (1857-1944) ar a ghníomhaíocht ainéistéiseach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. Breanndán Ó Beaglaoich (30 Eanáir 2024). "TUAIRISC ÓN gCOLÓIM: Cheapas gurb é Gairdín Pharthais a bhí sroichte agam!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-30.