Alexander McCartney

foghlaí gnéis as Tuaisceart Éireann

Péidifileach agus claonmhealltóir ar líne is ea Alexander McCartney as ceantar an Iúir (a rugadh sa bhliain 1998/1999). Ar an 25 Deireadh Fómhair 2024, gearradh téarma príosún saoil[1] ar Alexander McCartney, as 185 coir in aghaidh 70 páiste, dúnorgain Cimarron Thomas, 12, in West Virginia i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus 50 cás dúmháil san áireamh.[2][3]

Infotaula de personaAlexander McCartney
Áit chónaitheIúr Cinn Trá
Eile
Ciontaíodh idúnorgain Cuir in eagar ar Wikidata
Teach na cúirte, Iúr Cinn Trá
HM Prison Maghaberry, áit a cuireadh McCartney faoi choinneáil

Modus operandi

cuir in eagar

Sna 2010idí, chuir Alexander McCartney, mac léinn ríomheolaíochta as Bóthar Lissummon,[4] ceantar an Iúir (agus sna déaga ag an am) an chluain go fíorúil ar chailíní. Bhí 64 gaireas aige ina sheomra agus é ag cur an chluain go fíorúil ar chailíní idir 10 mbliana d’aois agus 16 ar fud na cruinne ar mheáin shóisialta, Snapchat go háirithe.

Lig McCartney air gur chailín é féin chun ‘cairdeas’ a chothú le cailíní a bhí ag streachailt lena ngnéasacht ar fud na cruinne. Ar Snapchat agus meáin shóisialta eile mheall sé grianghrafanna mhíchuibhiúla díobh féin uathu.

Agus nuair a bhí siad i ngaistí aige, rinne sé dúmhál orthu mar chuid den drochíde ghnéis. Bhain sé leas as na pictiúir sin chun iallach a chur orthu gníomhartha gnéis a dhéanamh dó, ina n-aonar nó le páistí eile agus ar cheamara ar líne. Bhagair sé go bhfoilseodh sé na pictiúir mhíchuibhiúla a mheall sé uathu ar líne, nó go dtaispeánfadh sé do thuismitheoirí iad mura ndéanfaí rud air.[5]

Thosaigh an drochíde i mí Eanáir 2013 agus McCartney timpeall 14 bliain d'aois ag an am.[6] Gabhadh McCartney don chéad uair in 2018. Ach ligeadh amach ar bannaí é. Agus é ar ais ina bhaile, lean sé air ag tabhairt drochíde do chailíní timpeall an domhain. Rinne McCartney mí-úsáid ghnéis ar 60 cailín eile roimh a gabhadh é don dara uair, i mí Iúil 2019. Cuireadh siar faoi choimeád é idir 2019-2024..Is ar lucht na fóiréinsice an locht faoin moill is cosúil.

Áirítear go bhféadfadh go ndearna McCartney mí-úsáid ar 3,500 páiste ar fad cé go raibh an cás cúirte teoranta do 70. Rinne póilíní i 30 tír a ndícheall chun gach páiste a aimsiú. In 2024, gearradh príosún saoil ar McCartney.[7] Níor léir go raibh aon aiféala ar McCartney faoina ndearna sé riamh.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. nó b'fhéidir príosúin 15-20 bliain ar loghadh
  2. David Young / Telegraph (26 DF 2024). "Authorities here and in America hail caging of vile child sex predator". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2024-10-31.
  3. Póilín Ní Chiaráin (30 Deireadh Fómhair 2024). "Sciath chosanta ag na ciontóirí í an rúndacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-31.
  4. "Lissummon" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-10-31.
  5. Jane McGarrigle (2015-11-16). "Céard is claonmhealltóireacht ar líne ann?" (en-GA). Webwise.ie. Dáta rochtana: 2024-10-20.
  6. "Evil online predator Alexander McCartney began his campaign of torture at just 14" (en). SundayWorld.com (2024-10-30). Dáta rochtana: 2024-10-31.
  7. Nuacht RTÉ (2024-10-25). "Príosún saoil gearrtha ar fhear faoi chlaonmhealltóireacht" (as ga-IE).