Antraipeolaí agus eitneolaí a rugadh i gCambridge, Shasana ab ea Alfred Cort Haddon, Sc.D., FRS,[1] FRGS FRAI (24 Bealtaine 1855 – 20 Aibreán 1940, Cambridge). Bitheolaí ar dtús, bhain sé a chuid oibre allamuigh is suntasaí amach, le WHR Rivers, CG Seligman agus Sidney Ray ar Oileáin Chaolas Thorres. D'fhill sé ar Choláiste Chríost, Cambridge, áit a raibh sé ina fhochéimí, agus bhunaigh sé i ndáiríre Scoil na hAntraipeolaíochta. Bhí tionchar mór ag Haddon ar obair an eitneolaí Mheiriceánaigh Caroline Furness Jayne.[2]

Infotaula de personaAlfred Cort Haddon

(1925) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Bealtaine 1855
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Aibreán 1940
84 bliana d'aois
Cambridge, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Chríost, Cambridge
Coláiste an Rí, Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Máistreacht sna hEalaíona
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Zürich Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmbitheolaí, múinteoir ollscoile, míoleolaí, antraipeolaí, eitneolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Cambridge, léachtóir (1909–1926)
Ollscoil Cambridge, léachtóir (1900–1909)
Coláiste Ríoga Eolaíocht Éireann, múinteoir ollscoile (1880–1901)
Ollscoil Cambridge, múinteoir ollscoile (1879–1880) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Lua an údair (zó-eolaíocht)Haddon
Gradam a fuarthas

Sa bhliain 2011, cuireadh The Recordings of the Cambridge Anthropological Expedition to Torres Straits 1898 le Haddon le clár 'Sounds of Australia' i gcartlann an National Film and Sound Archive[3] Tá na buntaifeadtaí lonnaithe i Leabharlann na Breataine [4] agus tá go leor acu curtha ar fáil ar líne.[5]

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Alfred Cort Haddon ar 24 Bealtaine 1855, in aice le Londain, an mac ba shine ag John Haddon, ceann gnólacht cló-bhunaitheoirí agus clódóirí. D’fhreastail sé ar léachtaí ag King’s College London agus mhúin sé zó-eolaíocht agus geolaíocht i scoil chailíní i nDover, sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste Chríost, Cambridge sa bhliain 1875.

Ag Cambridge rinne sé staidéar ar an zó-eolaíocht agus d'éirí sé cairdiúil le John Holland Rose (Ollamh Harmsworth le Stair an Chabhlaigh ina dhiaidh sin), ar phós sé a dheirfiúr in 1881. Go gairid i ndiaidh dó a chéim Mháistreachta sna hEalaíona a bhaint amach, ceapadh é ina Thaispeántóir sa Zó-eolaíocht ag Cambridge in 1879. Ar feadh tamaill rinne sé staidéar ar bhitheolaíocht mhara i Napoli.[6]

Gairmréim cuir in eagar

Baile Átha Cliath cuir in eagar

Sa bhliain 1880, ceapadh é ina Ollamh le Zó-eolaíocht i gColáiste na hEolaíochta i mBaile Átha Cliath. Le linn dó a bheith ann bhunaigh sé Cumann Allamuigh Nádúraithe Bhaile Átha Cliath an (Béarla: Dublin Naturalists' Field Club) in 1885. Ba iad na chéad fhoilseacháin a bhí aige ná Introduction to the Study of Embryology in 1887, agus páipéir éagsúla ar bhitheolaíocht na mara, agus dá bharr sin chuaigh sé ar thuras go dtí Oileáin Chaolas Thorres chun staidéar a dhéanamh ar sceireacha coiréil agus ar zó-eolaíocht na mara, agus le linn dó a bheith ag gabháil dó mealladh é chuig an antraipeolaíocht den chéad uair riamh.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Fleure (1941). "Alfred Cort Haddon. 1855–1940". Obituary Notices of Fellows of the Royal Society 3 (9): 448–65. doi:10.1098/rsbm.1941.0014. 
  2. Jayne (1906). "String figures: a study of cat's-cradle in many lands". New York: C. Scribner's Sons. 
  3. National Film and Sound Archive: The Recordings of the Cambridge Anthropological Expedition to Torres Straits on the Sounds of Australia registry, nfsa.gov.au; accessed 20 December 2017.
  4. World and traditional music: wax cylinder collections”. bl.uk. Dáta rochtana: 20 December 2017.
  5. Ethnographic wax cylinders”. bl.uk. Dáta rochtana: 20 December 2017.
  6. "Dr A.C. Haddon – Anthropologist and Ethnologist (transcription)". The Times (22 April 1940). Dáta rochtana: 20 November 2008.