An Aird Thiar
Baile fearainn in Iorras Aithneach, Contae na Gaillimhe is ea An Aird Thiar[1], cúpla míle siar ó shráidbhaile Charna.
An Aird Thiar | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Logainm.ie | 18252 |
Tá traidisiún amhránaíochta sean-nóis an-láidir sa gceantar, agus is as an Aird Thiar beirt de mhóramhránaithe sean-nóis na 20ú haoise, Seán 'ac Dhonncha (“Johnny Joe Pheaitsín”, 1919–1996) agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha (1943–2017).
Tá scoil náisiúnta ann (Scoil na hAirde Thiar)[2] agus cé chloiche ar an taobh thoir den bhaile fearainn a tógadh thart ar 1895.[3] I ngar don phointe is faide ó dheas sa mbaile fearainn, tá tobar beannaithe darb ainm Tobar Cholm Cille ann, in aice le góilín beag a dtugtar Béal an Chalaidh air. Deirtear go mbíodh claibín cloiche mar chlúdach ar an tobar lá den saol, agus dá gcaithfí san fharraige é, d'fhillfeadh sé as a stuaim féin.[4]
Naisc Sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ “An Aird Thiar/Ard West | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Gaeloideachas — Scoil na hÁirde Thiar".
- ↑ "Ard West Quay, ARDWEST, GALWAY".
- ↑ Tim Robinson (1985). "Mapping South Connemara: Parts 1-29 Cashel, Carna, Cill Chiaráin" (as Béarla). Folding Landscapes.