An Aracáin agus an Phatagóin

Ba ríocht ghearrshaolach í Ríocht na hAracáine agus na Patagóine (Fraincis: Royaume d'Araucanie et de Patagonie; uaireanta rinneadh tagairt di mar An Nua-Fhrainc). Bhunaigh an dlíodóir Francach Orelie-Antoine de Tounens mar stát neamhspleách é, i lár an naoú céad déag, i Meiriceá Theas. Ag an am sin, bhí na daoine bundúchasacha, na Mapúitsigh, i mbun cogaíochta in aghaidh Rialtais na Sile agus na hAirgintíne, a raibh dúil acu i dtalamh saibhir na Mapúitseach.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Aracáin agus an Phatagóin
CineálHistorical unrecognized state (en) Aistrigh, Micreanáisiún agus stát féinfhógartha Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAraucanía (en) Aistrigh agus An Phatagóin Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnMeiriceá Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh17 Samhain 1860 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta deiridh5 Eanáir 1862 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Orélie-Antoine de Tounens Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinaraucanie.com Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

 
Orelie-Antoine I, Rí na hAracáine agus na Patagóine.

Agus é i mbun cuairte ar an réigiúin in 1860, chuaigh na Mapúitsigh i gcionn ar Orelie-Antoin. Bhailigh ceannairí uile na Mapúitseach agus thogh siad mar dá chuid é. Chuaigh Orelie-Antoin i mbun oibre ansin, agus chruthaigh sé rialtas agus bunreacht dá thír nua, ar bhaist sé “an Nua-Fhrainc” uirthi.

Níor éirigh leis ina ghaisce chun cáil idirnáisiúnta a bhaint amach do na Mapúitsigh, áfach. Chuir rialtais na Sile agus na hAirgintíne ina aghaidh. Chuir siad i bpríosún é, agus díbríodh ón tír é níos mó ná uair amháin. Níor cuireadh pionós níos mó air áfach, mar gur cheap na húdaráis sa tSile agus san Airgintín go raibh tinneas intinne air. Cailleadh Rí Orelie Antione I sa bhFrainc, agus gan pingin rua aige, in 1878 tar éis dó blianta fada a chaitheamh ag lorg aitheantais dá thír, a bhí gafa ag an tSile agus an Airgintín.