An Cailín Ciúin

scannán ag an stiúrthóir Colm Bairéad

Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, ón gcomhlacht Inscéal.[1] Tháinig an scannán amach sa bhliain 2022. Insíonn an scannán scéal, bunaithe ar an scéal Foster le Claire Keegan, faoi chailín óg a bhfuil tuismitheoirí seachmallacha aici, a chuirtear ar altramas le gaolta meánaosta.[2]

Bosca Sonraí ScannáinAn Cailín Ciúin
Buneolas
StiúrthóirColm Bairéad Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
ScriptColm Bairéad Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtKate McCullough Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirBreak Out Pictures Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú16 Márta 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama95 min Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
FormáidAcademy ratio (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleamh190,411 € (an Iodáil) Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Bunaithe arFoster Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrascannán drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil MPAAPG-13 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Socraithe sa tréimhse1981 Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Gradam a fuarthas

IMDB: tt15109082 Filmaffinity: 786159 Allocine: 299438 Rottentomatoes: m/the_quiet_girl Letterboxd: the-quiet-girl Metacritic: movie/the-quiet-girl Cuir in eagar ar Wikidata

Scéal cuir in eagar

Amuigh faoin tír in Éirinn sa mbliain 1981 atá an scannán bunaithe, scéal Cháit (Catherine Clinch) tráth a seoltar í óna teach plódaithe achrannach chuig gaolta i bhfad amach, le fanacht ina cónaí leo ar feadh an tsamhraidh.[3]

Tá an scannán bunaithe ar scéal de chuid Claire Keegan ina insítear scéal Cháit, cailín óg 9 mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe agus mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh í.[1]

Iníon naoi mbliana d’aois í Cáit. Fásann sí aníos ar fheirm a muintire. Cailín faiteach, í tite ar gcúl ina cuid scolaíochta. Is pantalóigín bheag í agus í briste brúite cheana féin. Níl éinne sa teaghlach baile in ann cothú coirp ná anama a sholáthar di. Feicfimid Cáit i bhfolach faoin leaba óna máthair, ainneoin go bhfuil a fhios ag a máthair go bhfuil sí istigh faoin leaba.[4]

Tosaíonn an scéal i gContae Chill Mhantáin agus ansin bogann sé go Gaeltacht na Rinne (an tSeanphobail); téann Cáit chun fanacht le tuismitheoirí altrama, gaolta lena máthair. Cuirtear Cáit ann ar feadh na tsamhraidh chuig teach sómhar feirme chol ceathrar na máthar. Caitheann sí an samhradh iomlán ar fheirm na gCinnsealach (Kinsella) agus tugann sí cabhair dóibh.

Cuireann Eibhlín Bean Uí Chinnsealaigh (Carrie Crowley) fáilte mhór chroíúil roimpi.[5] Ach tá fear an tí, Seán (Andrew Bennett) tostach agus míchairdiúil nuair a thagann Cáit chun an tí ar dtús. Is athair altrama é Seán anois a bhfuil iníon óg altrama ina shaol aige. Istoíche, féachann sé ar an teilifís sa seomra suite leis féin, agus ní thugann sé aon aird ar Cháit.[6]

Fanann Seán amach ó Cháit, agus íse uaidhsean. Ach le himeacht ama, tosaíonn cairdeas ag neartú eatarthu.[7]

  • Ligeann sé do Cháit cabhrú leis chun cró na mbó a ghlanadh amach.
  • Spreagann sé í chun a bua reathaíochta a fhorbairt.
  • Ceannaíonn sé éadaí nua di.[6]

Ullmhaíonn Eibhlín agus Cáit béile le chéile cúpla uair agus suíonn an teaghlach altrama chun boird le chéile nó in éineacht le cairde go minic. Tá imní ar Eibhlín; ag cogarnach le Cáit, ag ceapadh go bhfuil sí ina codladh, deir sí, “Go bhfóire Dia orainn, dá mba liomsa thú ní fhágfainn tú le strainséirí,” Níos déanaí, deir sí “Níl aon rún sa teach seo. An teach a bhfuil rún ann, tá náire sa teach sin.”

Tar éis roinnt ama, áfach, baintear siar as Cáit nuair a scaoileann comharsa rún léi. Cinnte, faoi chúram na gCinnsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tugann sí an fhírinne shearbh chun solais. Nuair a thagann Cáit chun cónaí leis na Cinnsealaigh ar dtús, ní thuigeann sí go raibh cailliúint mhór acu ina saol.

Radharc tábhachtach is ea an radharc ina siúlann an chomharsa fhiosrach abhaile le Cáit ón tórramh. Cloiseann Cáit scéal tubaisteach uaithi. Ba le mac Eibhlín agus Sheáin na héadaí atá á gcaitheamh aici le mí. Fuair an páiste óg bás i dtimpiste feirme.

Nuair atá an téarma scoile nua ag druidim léi, ní mór do Cháit filleadh abhaile chuig a muintir féin. Tiomáineann na Cinnsealaigh Cáit abhaile. Nuair a fhilleann Cáit abhaile chuig a muintir ag deireadh an tsamhraidh, tugann a máthair (Kate Nic Chonaonaigh) faoi deara go bhfuil Cáit athraithe. Fiafraíonn sí di: ‘Cad a tharla in aon chor?” Briseann an adieu croí na gCinnsealach. Fágann Cáit slán brónach grámhar lena cúramóirí cneasta chomh maith.

Gaeltacht na nDéise

Téamaí cuir in eagar

Is dráma casta íogair agus cigilteach fé theacht in aois é, ina ndéantar ceisteanna fé chúrsaí teaghlaigh, faillí agus caillteanas a chíoradh trí shúile a phríomhphearsa óig.  Is scéal an-mhothúchánach é chomh maith.[8]

Déanann an scannán iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.[9] Forbraíonn Cáit tuiscint uirthi féin agus ar a gcumas chun déileáil leis na dúshláin ina saol.[6]

Sa teach na gCinnsealach nach gcoinnítear rún ann, nochtann sí rún pianmhar amháin. Is scannán é faoin ngrá, faoin ngrá sin a chothaíonn muid agus muid ag fás aníos. Ach is scéal é chomh maith faoin deacracht, agus faoin mbaol fiú, a bhaineann le do chroí a oscailt.[8]

Mar a chuirtear in iúl i dteideal an scannáin, is cailín ciúin í Cáit. Agus tá gaol nach beag idir ciúnas agus rúin. Mura bhfuil míniú níos dorcha ná sin fós air, nach feasach dúinn, bíonn tolg leapan na girsí fliuch báite ar dhúiseacht di chuile mhaidin.[10]

Tá cúpla móitíf sa scannán, íomhánna a fheicimid cúpla uair sa scannán agus a bhailíonn chucu brí agus tionchar mothúchánach le gach taispeáint.[6]

  • Eibhlín agus Cáit ag siúl chuig an tobar le chéile
  • Folt gruaige Cháit á scuabadh ag Eibhlín atá ag comhaireamh ó náid go dtí céad.[11] “Ní raibh uait ach beagáinín peataireachta,” arsa Eibhlín le Cáit.
  • Cáit ag rith síos an ascaill chun litreacha a bhailiú ón mbosca poist
  • Ag deireadh an scannáin, nuair a ritheann Cáit síos an ascaill i ndiaidh charr na gCinnsealach, cuirtear na radhairc, agus móitífeanna eile, os ár gcomhair arís, ceann i ndiaidh a chéile, ina montáis.

Tá go leor rún sa scannán An Cailín Ciúin a cheileann daoine ar dhaoine eile. Cabhraíonn na rúin le comhbhá a chruthú idir an lucht féachana agus na carachtair a bhfuil an rún acu.

Glacadh criticiúil cuir in eagar

Bhí léirmheasanna "cúig réalta" á fháil ó nuachtáin in Éirinn agus i Sasana ag an scannán.[12]

Taispeánadh an scannán den chéad uair i mí Feabhra 2022 ag féile mór le rá Berlinale sa Bheirlín (Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín), áit ar bhain sé amach an duais Grand Prix an Choiste Idirnáisiúnta Generation Kplus (sa rannóg Glúin/Generation) don Scannán is Fearr.[13]

Is é an chéad scannán Gaeilge a taispeánadh ag an bhféile. Tugadh ardmholadh don chineamatagrafaíocht, don scór agus don aisteoir óg Catherine Clinch atá sa phríomhpháirt.[1]

Bhí ocht ngradam de chuid Acadamh Scannánaíochta agus Teilifíse na hÉireann bronnta air ag searmanas gradam IFTA, lena n-áirítear AN SCANNÁN IS FEARR, AN STIÚRTHÓIR IS FEARR ⁊ AN tAISTEOIR MNÁ IS FEARR.[14][5]

Ar 24 Eanair 2023, bhí 'An Cailín Ciúin' ainmnithe do ghradam Oscar sa chatagóir don 'Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr',, an chéad scannán Gaeilge riamh a bhfuil sé seo bainte amach aige.[15]

Ar 12 Márta 2023 in Hollywood, bhí “An Cailín Ciúin” san áireamh do ghradam Oscar, ainmnithe mar cheann de na scannáin eachtracha is fearr i mbliana. Ba é an chéad scannán Gaelach a bhain an onóir sin amach. Níor bhuaigh “An Cailín Ciúin” an duais; bhí an bua ag “Scéal ar Bith ón bhFronta Thiar”, cóiriú ar an úrscéal frithchogaidh Gearmánach le Erich Remarque.[2]

Léiriú cuir in eagar

Tá an scannán bunaithe ar an nóibhille Foster leis an údar Éireannach, Samhlaigh Colm Bairéad an scéal mar scannán Claire Keegan. Fuair INSCÉAL[16] cead ó Keegan an scéal a iompú ina scannán.

Ba í Cleona Ní Chrualaoi a léirigh An Cailín Ciúin. Mhaoinigh Fís Éireann, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann an scannán mar chuid de scéim Cine4. Fuair an scannán dreasacht chánach Alt 481 ó Rialtas na hÉireann freisin.[17]

Ansin rinneadh scannánú ar an láthair sa Mhí agus i mBaile Átha Cliath'; léiríodh an scannán le linn dianghlasála, i bhFómhar 2020. Seoladh an scannán ag Féile Scannán idirnáisiúnta Bheirlín, Feabhra 2022. Fuair BREAKOUT PICTURES agus CURZON na cearta don scannán in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Rinne siad é a phoibliú agus é a eisiúint sna pictiúrlanna sa dá chríoch i mí Bhealtaine 2022.[18]

Go dtí tús mhí Dheireadh Fómhair 2022, tar éis 22 seachtain sna pictiúrlanna in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, bhí €1 milliún saothraithe ag an scannán.

Canúint cuir in eagar

Gaeilinn na nDéise atá le clos sa scannán.[19] Seo cuid de na leaganacha canúnacha nó áitiúla atá ann.[20]

  • Dé chúis - cén fáth
  • Habú/Leabú - leaba
  • Fuireach - fanacht
  • Thá - tá
  • Fhéach - Féach
  • Ruch - rith
  • Aireachas - Aire

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Conradh na Gaeilge, Londain (19 Feabhra 2022). "‎Nuacht Mhall: 19 Feabhra 2022 (Gaillimh)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-02-20.
  2. 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge Londain (18 Márta 2023). "‎Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-03-19.
  3. Nuacht RTÉ (2022-10-10). "€1 milliún saothraithe ag an gCailín Ciúin sa bpictiúrlann" (as ga). 
  4. IFI (2022). "Treoir / Staidéar".
  5. 5.0 5.1 "An scannán Gaeilge An Cailín Ciúin sna pictiúrlanna 12 Bealtaine ar aghaidh - WE ARE IRISH" (en-GB) (2022-05-11). Dáta rochtana: 2022-05-19.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 IFI (2022). "Treoir / Staidéar".
  7. "ga/An Cailín Ciúin" (en-IE). Cine4. Dáta rochtana: 2022-05-19.
  8. 8.0 8.1 Meadhbh Ní Eadhra (4 Bealtaine 2022). "‘Nach iontach an rud go bhfuil an Ghaeilge le clos anois i ndorchadas álainn na pictiúrlainne?’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-20.
  9. NÓS. "‘An Cailín Ciúin’ go glórach glórmhar ag IFTA" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-19.
  10. "Míorúilt bheag de scannán é ‘An Cailín Ciúin’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-19.
  11. IFI (2022). "Sliocht as an scannán".
  12. "‘An scannán Éireannach is fearr riamh, seans’– cúig réalta á mbronnadh ar dalladh ar ‘An Cailín Ciúin’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-19.
  13. "72nd Berlin International Film Festival" (as en) (2022-02-20). Wikipedia. 
  14. "Stiúrthóir ‘An Cailín Ciúin’ ainmnithe do ghradam an ‘Rising Star’ ag IFTA" (en-US). PEIG (2022-03-04). Dáta rochtana: 2022-05-19.
  15. Nuacht RTÉ (2023-01-24). "An scannán Gaeilge 'An Cailín Ciúin' ainmnithe do ghradam Oscar" (as ga-IE). 
  16. Bhunaigh Colm Bhairéad agus Cleona Ní Chrualaoi an comhlacht léiriúcháin INSCÉAL.
  17. Nuacht RTÉ (2022-10-10). "€1 milliún saothraithe ag an gCailín Ciúin sa bpictiúrlann" (as ga). 
  18. cogg.ie (2022). "AN CAILÍN CIÚIN (12A)". Dáta rochtana: 2022.
  19. https://www.allaboutirish.ie/blog/gaeilge-na-nd%C3%A9ise
  20. https://ifi.ie/wp-content/uploads/2023/03/An-Cailin-Ciuin-Treoir-Staidear.pdf