Dianghlasáil Hubei (2020)

Thosaigh Dianghlasáil Hubei ar 23 Eanáir 2020, nuair a tháinig srianta taistil i bhfeidhm i gcathair Wuhan sa tSín, áit ar thosaigh an ráig den víreas COVID-19 agus bhí srianta freisin in áiteanna gar don chathair.[1] Thug na húdaráis sa tSín le fios ag an am go raibh ardú mór ar an líon daoine a raibh víreas tolgtha acu.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDianghlasáil Hubei
Map
 30°35′14″N 114°17′17″E / 30.5872°N 114.2881°E / 30.5872; 114.2881
Cineáltarlú de Ordú dianghlasála
ban (en) Aistrigh de taisteal
coraintín
Ordú dianghlasála Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid demainland China's response to the COVID-19 pandemic (en) Aistrigh agus COVID-19 pandemic lockdown (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse23 Eanáir - 8 Aibreán 2020
Dáta na bliana2020 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHubei, Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
TírDaon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisHubei Cuir in eagar ar Wikidata
Li Lanjuan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CúisRáig coróinvíris 2019–2020
COVID-19 pandemic in Hubei (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Dianbheartais cuir in eagar

Ba é Wuhan na Síne an chéad chathair ar domhan ar cuireadh dianghlasáil uirthi le linn na paindéime.[2] Dúradh leis an 11 milliún duine a raibh cónaí orthu i gcathair Wuhan gan imeacht ón cheantar mura bhfuil géarghá leis.

Físeán

Druideadh príomhmhargadh na cathrach, pictiúrlanna agus caiféanna agus ansin druideadh na siopaí go léir. Ghair an rialtas cumhachtaí éigeandála go gairid ina dhiaidh sin. Níor ligeadh traein, bus, carr ná eitleán isteach ná amach. agus b’éigean do dhaoine fanacht sa bhaile, den chuid is mó. Ní mór srianta dochta don phobal go léir a chomhlíonadh.

 

Cúlra cuir in eagar

Tháinig COVID-19 (nó 2019 n-CoV)[3] chun solais i Wuhan sa tSín i mí na Nollag 2019.[4] Tuigtear gur scaip an víreas ó mhargadh ina raibh bia mara agus ainmhithe a ndíol.[5]

In Eanáir 2020, bhí imeachtaí poiblí le Bliain Nua na Síneach a cheiliúradh i mBéising, Huanggang agus Wuhan curtha ar ceal in iarracht srianta a chur ar ráig den víreas, a bhí ag scaipeadh ar fud na tíre.[5]

Iarmhairtí cuir in eagar

Bhí an dianghlasáil ar chathair Wuhan le maolú ar an 28 Márta 2020. San áit ar thosaigh an ráig, tosóidh roinnt seirbhísí taistil arís ar an lá sin agus osclaíodh roinnt teorainneacha a bhí curtha i bhfeidhm ar an gcathair.[6]

Dianghlasáil lag san Eoraip cuir in eagar

I mí Márta 2020, níor chuir an Iodáil an dianghlasáil i bhfeidhm sa tír go dtí gur cailleadh 800 duine. Ach faoin am sin, bhí an galar fréamhaithe sa phobal.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2020-01-24). "Ardú mór ar líon daoine a bhfuil an víreas corónach orthu sa tSín" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 Ciarán Ó Pronntaigh (2020). "Contúirt na neamhréire polasaí < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-01-23.
  3. "Coronavirus Has a Name: The Deadly Disease Is Covid-19" (en). Wired. Dáta rochtana: 2020-02-15.
  4. Nuacht RTÉ (2020-01-22). "Cruinniú ag Eagraíocht Dhomhanda Sláinte faoi víreas marfach" (as ga). 
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2020-01-23). "Imeachtaí leis an Bhliain Nua a cheiliúradh i mBéising ar ceal" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2020-03-28). "551,000 galraithe agus 24,900 básaithe de bharr Covid 19" (as ga).