Bíonn Bliain Nua na Síneach, nó Athbhliain na Síneach (nó fiú "Athbhliain na Gealaí"[1]) á ceiliúradh i gcaitheamh mhí EanáirFeabhra.[2] Is ceiliúradh ar theacht an Earraigh agus tús le saol úr atá i gceist leis.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBliain Nua na Síneach
Íomhá
Cineálócáid bhliantúil Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séLunar/Lunisolar New Year (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Athbhliain Cuir in eagar ar Wikidata
Lunar/Lunisolar New Year's Day (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


2014, i Melbourne, an Astáil
doras i Lijiang
yuanbao.
Nian gao 年糕 , pâtisserie
pléascóg thine
leon agus dragún
Lee Theatre Plaza, Hong Kong
Bliain Nua na Síneach i Manchain, an Ríocht Aontaithe

Is é an fhéile is mó sa bhliain ag muintir na Síne ach déantar é a cheiliúradh taobh amuigh den Sín chomh maith.[3] Maireann an fhéile ar feadh 15 lá go hoifigiúil, ach uaireanta leanann an ceiliúradh ar aghaidh ar feadh daichead lá. Bíonn a lán féastaí ann agus tugann daoine cuairt ar ghaolta. Bíonn tinte ealaíne, neart spraoi agus spóirt sa tSín agus ar fud na cruinne.

Bíonn ainmhí luaite le gach bliain ar an bhféilire Síneach. Tá 12 ainmhí ann agus athraíonn an t-ainmhí gach bliain.

Féilire cuir in eagar

Athraíonn an dáta gach bliain mar úsáidtear féilire na gealaí leis an dáta a chinntiú[4]. Agus ní thosaíonn an bhliain nua ar an dáta céanna ar fud domhain ach an oiread. Críochnaíonn an fhéile le lóchrainn lasta ar fud na háite.

Is iondúil a thiteann an fhéile seo idir an 21 Eanáir agus an 20 Feabhra. Ní lá amháin atá i gceist leis an chomóradh seo, ach ceiliúradh coicíse[5].

Bíonn 12 i ngnáthmhí agus bíonn mí bhreise ann nuair a bhíonn bliain bhisigh ann. Bíonn idir 353 agus 355 i ngnáthbhliain agus idir 383 agus 385 lá i mbliain bhisigh. Bíonn bliain bhisigh ann má bhíonn 13 ghealach nua ann idir dhá ghrianstad geimhridh.

Tá Féilire na Síneach éagsúil le féilirí móra eile atá in úsáid sa chaoi nach gcomhairtear na blianta i ndiaidh a chéile gan teorainn (1 AD ar aghaidh, mar shampla) ach tugtar ainm – ar cuid de é an t-ainmhí – do na blianta i gcóras a atosaíonn gach 60 bliain.

An Athbhliain Bheag – Xiao Nian (小年) cuir in eagar

Bíonn An Athbhliain Bheag Xiao Nian ar siúl seachtain nó cúpla seachtain roimh an fhéile mhór (fiú ar an 23ú agus 24ú de Mhí na Nollag i gceantair áirithe inniu).[6] Deirtear go bhfágann Dia an Bhia, Zao Jun, le dul chuig na flaithis le tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an teaghlaigh d’Impire na flaithis.

Leanann daoine an searmanas reiligiúnach le slán a rá le Dia an Bhia. Baintear anuas aon phictiúr dó agus cuirtear trí thine é. Tar éis Lá Caille, ceannóidh daoine pictiúir nua do Zao Jun agus cuirfidh siad na pictiúir ar taispeáint arís sa chistin.

An Athbhliain cuir in eagar

Maireann an fhéile 15 lá.

  • Lá roimh an bhliain nua – Dinnéar leis an gclann ar fad, "Shou Shi", lainse ar tine ealaíne. . Ar oíche chinn bliana, lastar tinte ealaíne ag meánoíche leis an ruaig a chur ar dhrochspioraid. Bíonn daoine gléasta in éadaí dearga le heagla a chur ar na drochspioraid (is dath sona é an dearg sa tSín[7]). Lastar tinte chomh maith agus fanann daoine ina ndúiseacht don oíche ar fad chun iad féin a chosaint ón “Year” (féach thíos).
  • Ciallaíonn Shou Sui (夜连双岁,五更分二年) “tar éis Dhinnéar Oíche Chinn Bliana” mar de ghnáth fanann an teaghlach ina ndúiseacht i rith na hoíche.[8] Ní fhanann roinnt daoine ina ndúiseacht ach go meán oíche tar éis dóibh breathnú ar thinte ealaíne.
  • Lá na bliana nua. Creidear go maireann cibé rud a dhéanann daoine ar an chéad lá den fhéile an bhliain ar fad. Mar sin, déanann siad iarracht bheith sásta, ag gáire, ag ceol agus ag damhsa.
  • Sa chéad seachtain den fhéile is traidisiún speisialta é cuairt a thabhairt ar mhuintir agus ar chairde.
  • An dara lá – Tugann mná atá pósta cuairt ar a muintir go háirithe.
  • An cúigiú lá déag, Féile Po Wu nó 破五.[9]
  • An cúigiú lá déag – Féile na Laindéar.

An Fhéile cuir in eagar

I rith na coicíse, dúntar formhór na siopaí is tithe tábhairne, agus filleann muintir na Síne abhaile chun an Athbhliain a cheiliúradh lena theaghlaigh. Bíonn daoine saor ón obair agus ón scoil ar feadh trí lá ar a laghad.

Imeachtaí cuir in eagar

  • Is é dinnéar Oíche Chinn Bliana (年夜饭- Nián yèfàn) an béile is tábhachtaí do mhuintir na Síne toisc gurb é an ceiliúradh clainne is mó den bhliain.[10] Glaoitear ‘dinnéar teacht le chéile’ (团年饭 – tuán niánfàn) ar an traidisiún seo. Bíonn ar gach duine sa teaghlach filleadh don bhéile agus mura féidir leo, fágtar spás dóibh ag an mbord. I rith an dinnéir, itear iasc chomh maith le domplagáin, an mhias is mó cáile i dtuaisceart na Síne. Braitheann na miasa eile ar rogha an duine féin. Itheann an chuid is mó de mhuintir na Síne dinnéar Oíche Chinn Bliana le chéile sa bhaile in ionad dul go bialann.
  • Seachas bronntanais a thabhairt mar a dhéantar in Éirinn Lá Nollag, faigheann páistí na Síne clúdacha dearga le hairgead iontu. Creidtear go stopann an t-airgead sin olcas sna páistí, go coimeádtar slán iad dá bharr agus go dtabharfaidh sé saol fada dóibh.
  • Bíonn damhsaí leoin agus dragúin ar siúl agus creidtear go gcuireann an trup an ruaig ar na drochspioraid chomh maith.
  • Margaí na hAthbhliana. I rith laethanta na hAthbhliana cuirtear margaí sealadacha ar siúl a dhíolann earraí a bhaineann leis an Athbhliain ar nós éadaí, tinte ealaíne, maisiúchán, bia agus roinnt mhaith eile. De ghnáth bíonn na margaí maisithe le laindéir agus soilse beaga eile.

Nósanna cuir in eagar

  • Roimh thús na féile, glanann muintir na Síne a gcuid tithe le fáil réidh le mí-ádh.
  • Le cinnte go dtosaíonn an bhliain úr go maith, íocann daoine a gcuid billí uilig roimh an fhéile.
  • Tá sé mar nósmhaireacht sa tSín, clúdaigh litreach a thabhairt amach dá mhuintir. Uaireanta, feictear litreacha beaga agus athbhliain faoi mhaise á ghuí acu chomh maith. Is minic a scríobhtar teachtaireachtaí mar seo ar laindéar pháipéar agus iad a scaoileadh thuas sa spéir.
  • I rith na féile, maisítear fuinneoga agus dorais le maisiúcháin dhearga déanta as páipéar agus le véarsaíocht ar ábhar sonais, rachmais agus fad saoil. Bíonn na tithe maisithe le focail ar nós ‘Áthas’ agus ‘Saibhreas,’ ag dúil le go mbeadh na rudaí sin i saol na ndaoine sa bhliain úr.

Piseoga cuir in eagar

  • Creideann roinnt daoine nár chóir duit do chuid gruaige a ní ar an chéad lá den fhéile mar gheobhaidh tú réidh leis an ádh.
  • Ní cóir aon ghlanadh a dhéanamh. Baineann sé seo leis an ádh. An lá roimh Bhliain Nua na Síneach caitear an lá ag glanadh. Ina dhiaidh sin ní féidir leat glanadh ar bith a dhéanamh go dtí an 5ú lá ar fhaitíos go nglanfaidh tú d’ádh as an teach.[10]
  • Ní cóir siosúr, scian nó aon rud géar a úsáid. Baineann na nithe géara de do shaibhreas agus do rath agus mar sin b’fhearr iad a sheachaint dar leis an traidisiún.
  • De réir an tseanchais, bhí ainmhí miotasach ann darbh ainm an “Year” agus tagann sé amach i rith Oíche Chinn Bliana chun dochar a dhéanamh do dhaoine, ainmhithe agus nósanna an tsaoil. Níos déanaí d’fhoghlaim muintir na tíre go raibh eagla ar an ‘Year” roimh an dath dearg, tine agus torainn arda. Mar sin, teilgeann daoine tinte ealaíne ag Oíche Chinn Bliana chun ruaig a chur air.
  • Ní chaitheann daoine éadaí dubha nó bána le linn na féile seo mar bíonn brón ag baint leis na dathanna sin.

Fréamh neimhe agus fréamh saolta cuir in eagar

Bíonn ainmhí bainte le gach bliain i bhféilire na Síne. Athraíonn an t-ainmhí gach bliain ar feadh 12 bliain agus ansin tosaíonn sé arís. Ní bhíonn uimhir ag an mbliain Shíneach, ach ina háit bíonn ainmhí luaite léi. Baineann tréithe stoidiaca leis an bhféilire Síneach, ar a nglaoitear Ciorcal na nAinmhithe air.

Is timthriall 12 bliain is ea An tStoidiaca Síneach. Tá gach bliain sa timthriall ainmnithe tar éis ainmhí agus tá pearsantacht agus tréithe difriúil agus gach ainmhí. Creidtear go bhfuil tionchar mór ag an ainmhí ar an duine.

Tá deich ‘bhfréamh neimhe’ ann agus 12 ‘fréamh saolta’ ann:

 
scrín Kushida, Fukuoka, An tSeapáin

Tá 12 ainmhí ar an iomlán:

  1. Francach: Bliain an Fhrancaigh[11]
  2. Damh / : Bliain an Daimh
  3. Tíogar: Bliain an Tíogair
  4. Coinín : Bliain an Choinín
  5. Dragan : Bliain an Dragain
  6. Nathair: Bliain na Nathrach (focal baininscneach)
  7. Capall : Bliain an Chapaill.
  8. Gabhar: Bliain an Gabhair nó Bliain na Caorach nó Bliain an Reithe[12],[13]
  9. Moncaí : Bliain an Mhoncaí
  10. Coileach : Bliain an Choiligh
  11. Madra: Bliain an Mhadra nó Bliain an Mhadaidh nó Bliain an Ghadhair
  12. Muc: Bliain na Muice (focal baininscneach): is siombail saibhris é an muc i gcultúr na Síne.

Na Fréamhacha Neimhe:

  • 甲 (jiǎ)
  • 乙 (yǐ)
  • 丙 (bǐng)
  • 丁 (dīng)
  • 戊  (wù)
  • 己 (jǐ)
  • 庚 (gēng)
  • 辛 (xīn)
  • 壬 (rén)
  • 癸 (guǐ)

Cuirtear an dá fhréamh le chéile le hainm na bliana a fháil. Mar sin, is í an chéad bhliain sa chóras 60 bliain ná 甲子 (jiǎ-zǐ), agus an dara bliain 乙丑 (yǐ-chǒu) agus araile.

 

Nuair a thagtar chuig deireadh na bhfréamhacha, tosaítear ag an tús arís. Mar sin, is í an 11ú bliain 甲戌 (jiǎ-xū), an 12ú bliain 乙亥 (yǐ-hài) agus araile go dtí go dtagtar chuig an 60ú bliain 癸亥 (guǐ-hài). Thosaigh an “chéad bhliain” sa chóras seo sa bhliain 2637 BC nuair a ceapadh an féilire, de réir an tseanchais.

Mar shampla, is í an bhliain a thosaigh ar an 10 Feabhra 2016, mar sin, ná 丙申 (bǐng-shēn). Is í an 33ú bliain sa 78ú babhta den chóras 60-bliain agus is í an 4,714ú bliain ó thosaigh an córas sin[1].

Stair cuir in eagar

De réir sheanchas na Síne, ba é an tImpire 皇帝 (Huangdi – ‘An tImpire Buí’) a cheap an féilire sa bhliain 2637 BC.[14] Níos déanaí, thart ar 2300 RC. bunaíodh é le bheith ar an gcéad lá den chéad mhí (san fhéilire traidisiúnta Síneach) nuair a bhí ríshliocht Han i réim.[15]

Sa bhliain 2020, bhí imeachtaí poiblí le Bliain Nua na Síneach a cheiliúradh i mBéising, Huanggang agus Wuhan curtha ar ceal in iarracht srianta a chur ar ráig de víreas marfach (Coróinvíreas) a bhí ag scaipeadh ar fud na tíre.[16] Dúradh leis an 11 milliún duine a bhfuil cónaí orthu i gcathair Wuhan gan imeacht ón cheantar mura bhfuil géarghá leis. Druideadh príomhmhargadh na cathrach, pictiúrlanna agus caiféanna.

 
Athbhliain faoi mhaise

Foclóir cuir in eagar

  • Athbhliain Faoi Mhaise: 新年快乐 (xin nian kuai le xinnián hăo)

Féach freisin cuir in eagar

 
Páras, An Fhrainc, 2017

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Maitiú Ó Coimín (10 Feabhra 2016). "Seo chugainn Bliain an Mhoncaí – sracfhéachaint ar Fhéilire na Síneach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-21.
  2. Féilire gealaghréine atá ann a riarann gluaiseachtaí na gealaí cuid de ach a chloíonn le míonna na gréine. Tá fadhbín ann leis an ainm sin freisin toisc nach bliain cheart ghealaí atá i mbliain na Síneach ach bliain ‘ghealaghréine’ (bliain a mheáitear de réir gréine is gealaí).
  3. Glór na nGael (2019). "Teaghlaigh Iml 8". Dáta rochtana: 2019.
  4. Eleathanach, 30 Eanáir 2017
  5. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-13. Dáta rochtana: 2018-01-28.
  6. cookingsimplechinesefoodathome com (2020). "Chinese Culture note: today is ‘Xiao Nian’ (little new year)" (en). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-01-25. Dáta rochtana: 203-01-20.
  7. "Color in Chinese culture" (as en) (2019-05-22). Wikipedia. 
  8. "Shou Sui". en.chinaculture.org. Dáta rochtana: 2020-01-25.
  9. "Day-by-Day Chinese New Year Celebrations in 2020". www.chinatravel.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-01. Dáta rochtana: 2019-06-01.
  10. 10.0 10.1 PEIG (2020-01-23). "5 thraidisiún a bhaineann le Bliain Nua na Síneach" (ga-IE). PEIG.ie. Dáta rochtana: 2020-01-25.
  11. "Dhá Ainmhí Dhéag, Dhá Bhliain Déag, agus Cén Fhoirm den Alt?". Irish Language Blog | Language and Culture of the Irish-Speaking World (2014-01-27). Dáta rochtana: 2023-01-21.
  12. COGG (Feabhra 2015). "Eureka". Dáta rochtana: 2023.
  13. "Chinese New Year in Irish: Cén tAinmhí (which animal) do 2015?". Irish Language Blog | Language and Culture of the Irish-Speaking World (2015-02-18). Dáta rochtana: 2023-01-21.
  14. "Chinese Zodiac | History". depts.washington.edu. Dáta rochtana: 2020-01-25.
  15. "Chinese New Year History". www.chinesenewyears.info. Dáta rochtana: 2020-01-25.
  16. "Imeachtaí leis an Bhliain Nua a cheiliúradh i mBéising ar ceal" (as ga) (2020-01-23).