Dragan
Planda cumhra ilbhliantúil is ea an dragan (Artemisia dracunculus), a fhásann go hairde 1.2 m, dúchasach don Áise. Na duilleoga caol lansa-chruthach, na cinn íochtaracha tríliopach ag an mbuaic. Na bláthchinn cruinneogach, 3 mm ar leithead, leathbhuí, ag cromadh ina bpanacail liobarnacha.
Artemisia dracunculus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | tarragon oil (en) , tarragon (en) agus dried tarragon (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Treibh | Anthemideae |
Géineas | Artemisia |
Speiceas | Artemisia dracunculus L., 1753 |
Tá fospeiceas den dragan, A. Dracunculus var. sativa nó an dragan Francach, saothraithe go fairsing mar luibh cistine, agus chun fínéagar a bhlaistiú. Áirítear é mar cheann de na ceithre fines herbes i gcócaireacht na Fraince. Úsáidtear é in chakapuli, mias náisiúnta na Seoirsia freisin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dragan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 221.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |