Hong Cong
Is Ceantar Speisialta Riaracháin é Hong Cong i nDaon-Phoblacht na Síne. Ceann de mhórionaid airgeadais agus trádála an domhain. Bhunaigh na Sasanaigh coilíneacht ann sa 19ú haois, tar éis do na Portaingéalaigh ionad trádála a bhunú ann tar éis don taiscéalaí Jorge Álvarez cuairt a thabhairt ar an áit i 1513. Faoi Chonradh Nanking, tar éis don Bhreatain cogadh a bhuachaint ina gcoinne, ghéill an tSín Hong Cong i 1842. Fuair an Bhreatain talamh ar mhórthír na Síne ar léas 99 mbliana chomh maith le hoileán Hong Cong agus leithinis Kowloon.[1]
Ghabh na Seapánaigh seilbh ar Hong Cong ar feadh breis is trí bliana go leith le linn an Dara Cogadh Domhanda, ach ghéill siad ar an 15 Lúnasa 1945 agus bhí na tailte ar ais i seilbh na Breataine. Tháinig meath ar an gcalafort ar feadh tamaill tar éis do na Cumannaigh teacht i gcumhacht sa tSín, ach cuireadh tionscal mór teicstíle ar bun agus d'fhás an eacnamaíocht go mear. De réir a chéile cuireadh tionscail déantúsaíochta eile ar bun sa choilíneacht agus rinneadh an-fhorbairt ar bhaincéireacht agus ar chomhlachtaí airgeadais.
Níorbh fhada go raibh Hong Cong ar cheann de na críocha ba shaibhre ar domhan. Sna 1980í bheartaigh rialtas Maggie Thatcher na Breataine ar fhlaitheas Hong Cong a phlé leis an tSín. Aontaíodh go mbeadh na tailte uile tugtha ar ais don tSín ach go mbeadh neamhspleáchas áirithe ag Hong Cong mar Cheantar Speisialta Riaracháin ionas nach gcuirfí isteach ar an gcóras an rachmais.
Tá srianta curtha ar chearta daonna ó shin, ach ní raibh córas daonlathach riamh ann.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Trea Wiltshire (1997). "Old Hong Kong". FormAsia. ISBN 962-7283-13-4.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na Síne (DPS) é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |