An Cheathrú Mhór (Béarla: Carrowmore ). – an reilig is mó de thuamaí meigiliteacha in Éirinn. Tá sí suite siar ó dheas ó bhaile Shligigh, i gcroílár Leithinis Chúil Írra, ceantar atá an-tábhachtach ó thaobh réamhstaire de.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Cheathrú Mhór
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh seandálaíochta
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Shligigh, Éire
Map
 54°15′03″N 8°31′09″W / 54.25086°N 8.51917°W / 54.25086; -8.51917
Le cuidLios an tSeagail
An Cheathrú Mhór

Tá 30 tuama cloiche go dlúth le chéile ag an gCeathrú Mhór, agus is féidir mórán díobh a fheiceáil go fóill. Is tuamaí pasáiste agus ciorcail bhollán iad formhór acu. Tá dúnfoirt agus galláin éagsúla sa cheantar freisin.