I reiligiún agus i miotaseolaíocht na Sean-Ghréige, is iad an Dáréag Oilimpeach na príomhdhéithe de chuid an Phaintéóin Ghréagaigh, a meastar go coitianta gurb iad Séas, Héire, Poiséadón, Déiméitéir, Aitéiné, Apalló, Artaimís, Airéas, Héafaestas, Afraidíté, Heirméas, agus HeistiaDinísias. Tugadh Oilimpigh orthu mar, de réir traidisiúin, bhí cónaí orthu ar Shliabh Oilimpeas.

Déithe Oilimpeas. Ar deiseal ón meánuachtar atá: Séas agus Héafaestas agus Atéiné agus Apalló agus Héirméas agus Artaimís agus Poiséadón agus Earós agus Afraidíté agus Áiréas agus Dinísias agus Háidéas agus Heistia agus Déiméitéir agus Héire.

Cé gur dia mór le rá é Háidéas agus gur deartháir é de chéad ghlúin na nOilimpeach (Séas, Poiséadón, Héire, Déiméitéir agus Heistia), ba í a ríocht ná an domhan thíos, i bhfad ó Shliabh Oilimpeas, agus mar sin de ghnáth níor measadh gur ceann é de na hOilimpigh.

Dá ainneoin sin is uile, níl Poiséadón ina chónaí ar an sliabh go hiondúil, agus tá Háidéas an-tábhachtach i measc na ndéithe cé nach gcuirtear i measc an dáréag é.

Dia Gréagach Coibhéiseach Rómhánach Íomhá Feidhmeanna agus gnéithe
Séas

Zeús

Iúpatar

Iuppiter

Rí na ndéithe, agus dia na spéire agus na haimsire agus cinniúna agus rialach.

Léirítear é mar fhear déanta daingean ríoga a bhfuil féasóg dhorcha air.

De ghnáth, bíonn splanc thintrí ina lámh mar airm. Feictear slat ríoga agus iolar leis go minic freisin.

Héire

Hḗrā

Iúnó

Iūnō

Banríon na ndéithe, agus bandia bhan agus an phósta agus na neimhe.

Léirítear í mar bhean álainn a bhfuil coróin ar a ceann agus slat ríoga ina lámh.

De ghnáth, bíonn leon nó cuach nó seabhac lena cois.

Poiséadón

Poseidôn

Neiptiún

Neptūnus

Dia na farraige agus chreathanna talún agus tuilte agus tromaigh agus capall.

Léirítear é mar fhear déanta daingean a bhfuil féasóg dhorcha air agus trírinn ina lámh. Tiomáineann sé carbad a tharraingíonn dhá each uisce é.

Déiméitéir

Dēmḗtēr

Ceiréas

Cerēs

Bandia na talmhaíochta agus ghráinní agus aráin.

Léirítear é mar bhean déanta. Is minic atá coróin ar a ceann agus punanna cruithneachta nó corn na bhfuíoll (cornucopia) ina lámha, chomh maith le lóchrann.

Atéiné

Athēnâ

Mineirve

Minerva

Bandia eagna agus chogaidh agus eachtraí na laochraí agus mhórán ceirdeanna.

Léirítear í mar stáidbhean shleaghach sciathach, a bhfuil uirthi róba fada agus clogad cíorach agus an aegis (aegais; brádóg a bhfuil imeall nathracha agus cealtair uafásach Mheadúsa uirthi).

Apalló

Apóllōn

Apalló

Apollō

Dia na tairngreachta agus na filíochta agus ceoil agus na boghdóireachta agus leighis agus galar agus cosaint na mbuachaillí.

Léirítear é mar ógfhear dathúil fadfholtach gan féasóg.

Is iad a chuid díleas ná bláthfhleasc agus craobh lábhrais agus bogha agus glac shaighead agus bran agus lir.

Artaimís

Ártemis

Diana

Diāna

Bandia na fiagaíochta agus thalún fhiáin agus ainmhithe fiáine. Ina theannta sin, bhí sí ina bandia thuismidh, agus chosanta cailíní go dtí aois na hinphóstachta (ar an gcuma chéanna a chosnaíonn a leathchúpla dearthár, Apalló, buachaillí). Ba iadsan le chéile a thug do dhaoine bás agus galair go tobann—arís, Artaimis do mhná agus do chailíní, agus Apalló d'fhir agus do bhuachaillí.

Léirítear í mar chailín scafánta a bhfuil bogha agus glac shaighead aici.

Áiréas

Árēs

Mars

Mārs

Dia cogadh agus ainmhian chatha agus misnigh agus oird shibhialta.

Léirítear é mar fhear déanta féasógach faoi airm agus éide le haghaidh chomhraic nó mar ógfhear nocht gan féasóg agus a bhfuil clogad air agus sleá aige.

Afraidíté

Aphrodítē

Véineas

Venus

Bandia ghrá agus áille agus shuilt agus choimpeartha.

Léirítear í mar bhean álainn, agus an dia sciathánach Earós léi go minic.

Is iad na rudaí a bhfuil baint aici léi ná colm agus úll agus sliogán muirín agus scáthán.

Héafaestas

Hḗphaistos

Bolcán

Vulcānus

Dia tine agus gaibhne agus ceardaí agus miotalóireachta agus shaoirseacht chloiche agus dealbhóireachta.

Léirítear é mar fhear féasógach a bhfuil casúr agus tlú ina lámh. Amanna, bíonn sé ar muin asail.

Heirméas

Hermês

Mearcair

Mercurius

Dia tréad agus taistil agus tráchtála agus teangacha agus na lúthchleasaíochta agus eolaíocht agus eolas na réaltaí.

Ba é bolscaire agus teachtaire pearsanta Shéais é. Chomh maith leis sin, bhíodh sé ina theoraí na marbh, ag tabhairt anamacha isteach an domhain thíos.

Iad anuasana, agus ceachtar den bheirt thíos
Heistia

Hestía

Veiste

Vesta

Bandia an tinteáin agus an bhaile agus thine na híobartha.

Léirítear í mar bhean ag caitheamh féil, agus craobh bhláthach ina lámh amanna.

Tá túlán aici mar chomhartha.

Dinísias

Diónūsos

Bacas

Bacchus

Dia fíona agus fléachais agus buile.

Léirítear é mar sheanfhear féasógach nó mar ógfhear baineanda fodfholtach.

Is iad a chomharthaí ná thyrsos (túrsas; slat a bhfuil caor phéine ar a biorr) agus corn óil agus coróin eidhneáin.

De ghnáth, bhíodh buíon satairí nó buíon Maenad (a mhóidíní ban fiáine) leis.

Naisc sheatracha cuir in eagar