Is dán ráiméise é An Gheabairleog (Jabberwocky sa bhunBhéarla) a scríobh Lewis Carroll faoi mharú créatúir ar a dtugtar An Gheabairleog. Chonacthas den chéad uair é ina úrscéal Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi a foilsíodh sa bhliain 1871, an leabhar a tháinig i ndiaidh Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas (1865). Déantar cur síos sa leabhar ar eachtraí Eilíse i ndomhan droim ar ais agus í lastall den scáthán. Nicholas Williams a d'aistrigh go Gaeilge.[1]

Briollaic a bhí ann...

"Jabberwocky"

'Twas brillig, and the slithy toves
Did gyre and gimble in the wabe;
All mimsy were the borogoves,
And the mome raths outgrabe.

"Beware the Jabberwock, my son!
The jaws that bite, the claws that catch!
Beware the Jubjub bird, and shun
The frumious Bandersnatch!"

He took his vorpal sword in hand:
Long time the manxome foe he sought—
So rested he by the Tumtum tree,
And stood awhile in thought.

And as in uffish thought he stood,
The Jabberwock, with eyes of flame,
Came whiffling through the tulgey wood,
And burbled as it came!

One, two! One, two! And through and through
The vorpal blade went snicker-snack!
He left it dead, and with its head
He went galumphing back.

"And hast thou slain the Jabberwock?
Come to my arms, my beamish boy!
O frabjous day! Callooh! Callay!"
He chortled in his joy.

'Twas brillig, and the slithy toves
Did gyre and gimble in the wabe;
All mimsy were the borogoves,
And the mome raths outgrabe.

ó Through the Looking-Glass, and
What Alice Found There
(1871)

An Gheabairleog cuir in eagar

Briollaic a bhí ann; bhí na tóibhí sleo
ag gírleáil ’s ag gimleáil ar an taof.
B’an-chuama go deo na borragóibh
is bhí na rádaí miseacha ag braíomh.

Fainic an Gheabairleog, a mhic!
na gialla géara, greim na gcrúb!
Fainic an Gumailéan is teith
ó Bhandarsnap na bhfriúch!

Thóg sé bórpalchlaíomh ’na ghlac
is lorg i bhfad an manann-namhaid.
Faoin gcniogaidchrann a dhein sé reast
is mhachnaigh seal san áit.

Is é ’na sheasamh faoi ufmhidheamhain,
bhuifleáil an Gheabairleog an treo,
trín tulach-choill—ba lasta a súil—
is í ag plobaireacht insa ród.

’Aon ’dó, ’aon ’dó, trí fhéith, trí fheoil
do ghearr a bhórpalchlaíomh slis! sleais!
Thit an beithíoch marbh; do thóg sé a cheann,
is go frábhógach rith sé ar ais.

Ar mharaigh tú mar sin an Gheabairleog?
Gabh i leith chúm anall a mhic mo bhéibh!
Nach fraoibiúil an lá! Hurú! Hurá!
a dúirt sé le scliogar a scléip.

Briollaic a bhí ann; bhí na tóibhí sleo
ag gírleáil ’s ag gimleáil ar an taof.
B’an-chuama go deo na borragóibh
is bhí na rádaí miseacha ag braíomh.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Lewis Carroll's Through the Looking-Glass – in Irish". www.evertype.com. Dáta rochtana: 2024-03-05.