Michael Everson
Teangeolaí Meiriceánach agus Éireannach, ionchódóir scripte, clóchuradóir, clóghrafóir agus foilsitheoir is ea Michael Everson (rugadh 9 Eanáir, 1963). Reáchtálann sé comhlacht foilsitheoireachta darb ainm Evertype, trína bhfuil os cionn céad leabhar foilsithe aige ó 2006 i leith.
(2011) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Eanáir 1963 61 bliana d'aois Norristown, Pennsylvania |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Búdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Arizona Ollscoil California, Los Angeles |
Áit chónaithe | Dùn Dèagh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, clódhearthóir, foilsitheoir |
Ball de | Coiste Teanga Wikimedia (2008–) |
Spéis aige/aici i | Unicode |
Teangacha | Volapük, Béarla agus an Ghaeilge |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | evertype.com |
Baineann a shaineolas ar leith le córais scríbhneoireachta an domhain, go háirithe i léiriú na gcóras seo i bhformáidí ríomhaireachta agus meán digiteach. Sa bhliain 2003 dúirt Rick McGowan go raibh sé "probably the world's leading expert in the computer encoding of scripts” as a chuid oibre chun raon leathan scripteanna agus carachtair a chur leis an Uilethacar Carachtar. Ó 1993 i leith, tá breis is dhá chéad togra scríofa aige a chuir na mílte carachtar le ISO/IEC 10646 agus le caighdeán Unicode.