Is teanga shaorga í VolapükVolapúicis, a chum an sagart Caitliceach Johann Martin Schleyer idir 1879 agus 1880. De réir Schleyer, d'iarr Dia air i mbrionglóid teanga idirnáisiúnta a chruthú.

Infotaula de llenguaVolapük
Volapük nulik agus Volapük

Dáta1879 agus 1880
Cineálteanga chumtha, international auxiliary language (en) Aistrigh agus teanga phleanáilte
Úsáid
Cainteoirí dúchais20 (2000)
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaVolapük alphabet (en) Aistrigh agus aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheInternational Volapük Academy (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1vo
ISO 639-2vol
ISO 639-3vol
Glottologvola1234
IETFvo

Stair cuir in eagar

 
Suaitheantas Volapük

Bhí trí choinbhinsin Volapük ann:-

Labhraíodh Gearmáinis sa chéad dá choinbhinsin ach níor labhair siad ach Volapük ag an tríú coinbhinsin.

Meastear go raibh 283 chlub, 25 iris i Volapük nó faoin teanga agus 316 théacsleabhar i 25 theanga sa bhliain 1889. Meastar anois (2009) go bhfuil idir 20 agus 30 chainteoirí Volapük ar domhan. Díríodh aird an phobail ar theangacha eile ag deireadh an 19ú céad agus ar aghaidh, go háirithe ar Esperanto, Ido and Interlingua - teangacha le níos lú gutaí agus le fuaimniú atá níos éasca do chainteoirí Béarla agus Spáinníse.

Volapük nulik 'Volapük nua-aimsireach' cuir in eagar

Sna 1920í, rinne Arie de Jong leasuithe ar an teanga, le deoin na gceannairí den ghrúpa beag de chaointeoirí Volapük, agus d'fhfoilsigh sé na leasuithe sin i 1931. Ghlacadh leis na leasuithe sin ag na cainteoirí. Rinne de Jong an gramadach níos simpí; scrios sé foirmeacha briathrach nach raibh in úsáid, agus d'ahtraigh sé na forainmneacha agus iarmhíreanna briathartha chun gnéasachas a sheachaint. Thug sé ar ais an foínéim /r/ agus d'úsáid sé é chun roinnt moirféim níos inaitheanta a dhéanamh. Mar shampla, d'athraíodh lömib 'báisteach' go rein.[1]

Bhí athbheochán gairid ag Volapük san Ísiltír agus sa Ghearmáin faoi stiúradh de Jong, ach cuireadh an teanga faoi choisc (in éineacht le teangacha cruthaithe eile) i dtíortha faoi smacht na Naitsíoch, agus níor athghabh sí.

Litriú agus fuaimniú cuir in eagar

litir IPA
a [a]
ä [ɛ][æ]
b [b]
c [tʃ][dʒ]
d [d]
e [e]
f [f]
litir IPA
g [ɡ]
h [h]
i [i]
j [ʃ][ʒ]
k [k]
l [l]
m [m]
litir IPA
n [n]
o [o]
ö [ø]
p [p]
r [r]
s [s][z]
t [t]
litir IPA
u [u]
ü [y]
v [v]
x [ks][ɡz]
y [j]
z [ts][dz]

Nóta: Ní féidir ä, ö, ná ü a athrú go foirmeacha mar ae, oe, agus ue mar is féidir a dhéanamh sa Ghéarmáinis.

Níl défhoghar ar bith i Volapük; tá fuaim ag gach guta.

Eiseamláir cuir in eagar

Ár nAthair (paidir) cuir in eagar

1880 Volapük Schleyer 1930 Volapük de Jong
O Fat obas, kel binol in süls, paisaludomöz nem ola! O Fat obas, kel binol in süls! Nem olik pasalüdükonöd!
Kömomöd monargän ola! Regän ola kömonöd!
Jenomöz vil olik, äs in sül, i su tal! Vil olik jenonöd, äsä in sül, i su tal!
Bodi obsik vädeliki givolös obes adelo! Givolös obes adelo bodi aldelik obsik!
E pardolös obes debis obsik, E pardolös obes döbotis obsik,
äs id obs aipardobs debeles obas. äsä i obs pardobs utanes, kels edöbons kol obs.
E no obis nindukolös in tendadi; E no blufodolös obis,
sod aidalivolös obis de bad. ab livükolös obis de bad!
(Ibä dutons lü ol regän, e nämäd e glor jü ün laidüp.)
Jenosöd! So binosös!

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar