Ullmhú cló (téacs) le haghaidh a chlóbhuailte. Ba réabhlóid i dtáirgeadh leabhar é ceapadh an chló inghluaiste sa 15ú céad san Eoraip. Chuireadh clóchuradóirí na carachtair aonaracha miotail in eagar de láimh (ag roghnú na gceannlitreacha ó chás uachtair os a gcomhair, na litreacha beaga ó chás íochtair). Ba cheird oilte ardomóis í. Sa 19ú céad tháinig modhanna a bhí bunaithe ar mhiotal te chun cinn, línechló is aonchló. Próisis uathoibríocha den chuid is mó ab ea iad, agus dhéantaí an cló a roghnú is a eagrú le méarchlár a rialaigh teilgean an mhiotail leáite chun gach líne cló a dhéanamh, líne i ndiaidh líne, agus na spásanna á gceartú an t-am ar fad. Sa chóras nua-aoiseach, liteaghrafaíocht aischló, déantar íomhánna le litreacha, siombailí, pictiúir is dearaí a leagan amach ar dtús i ríomhaire agus ansin a aistriú chuig páipéar nó scannán fótamhothálach. Sa ríomhaire a bhíonn na roghanna cló, siombailí is eile, agus dearadh an leathanaigh le breathnú, le ceartú nó le modhnú ar an scáileán go luath sa phróiseas.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Clóchuradóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 145.