Is séadchomhartha Albanach é an Lia FàilClach na Cinneamhain (nó “Stone of Destiny” / “Stone of Scone” i mBéarla)[1], bloc dronuilleogach de ghaineamhchloch dhearg.

Macasamhail den Lia Fáil, i Lùchairt Sgàin.

TréitheCuir in Eagar

Is é a mhéid ná 66 cm faoi 42.5 cm faoi 26.7 cm, agus is é a meáchan thart ar 152 kg. Tá cros greanta go garbh ar dhromchla amháin de, agus fáinne iarainn ar an dá cheann len é a iompar.

Coinníodh an leac cloiche i mainistir Sgàin i Sgàin, in aice le Peairt le fada an lá.

Tá amhras ann faoi bharántúlacht na cloiche le fada. Dheimhnigh geolaithe áfach go bhfuil an chloch a thóg Éadbhard I Shasana go Westminster[2] ina " Gaineamhchloch Dhearg Íochtarach", a cairéalaíodh i gcóngaracht Sgàin.[3]

 
Léaráid den Lia Fáíl i gCathaoir an Chorónaithe ag Westminster Abbey, 1855

DúchasCuir in Eagar

Tá teoiricí agus finscéalta éagsúla ann faoi stair na cloiche sular socraíodh í i Sgàin:[4]

Baineann scéal amháin le Fergus Mór mac Eirc, céad Rí na Scoit in Albain. D'iompar sé an Lia Fáil ó Éirinn go hEarra-Ghàidheal, áit a corónaíodh ina rí é.[5] B'fhéidir go raibh nasc ann leis an Lia Fáil i dTeamhair. Áitíonn traidisiúin eile go bhfanann an fíor-Lia Fáil i dTeamhair.[6] (Tá "Inis Fáil" ar cheann de na hainmneacha traidisiúnta ar Éirinn, deirtear).

Cuireann finscéalta eile le fios gur as an Talamh Naofa a tháinig an Lia Fáil, ón aimsir Bhíobalta... gurb í Cloch Iacóib i, a thóg Iacób le linn dó bheith i Haran (Leabhar Gheineasas 28: 10–22).

StairCuir in Eagar

Úsáideadh an leac cloiche ar feadh na gcéadta bliain i gcorónú the na hAlban, agus ina dhiaidh sin nuair a tháinig ríthe na hAlban i gcoróin i Sasana agus an Ríocht Aontaithe, tar éis Acht an Aontais.

Sa 14ú haois, chuir Walter Hemingford, an cléireach Sasanach agus an staraí, síos ar an áit a raibh cloch chorónaithe na hAlban mar mhainistir Sgàin, 3km ó thuaidh ó Pheairt.

Go dtí 1950, bhí an leadhb de charraig ar taispeáint i Westminster, Sasana. Ach goideadh é. Agus ar 11 Aibreán 1951 fágadh an liag i mainistir Obar Bhrothaig in Albain.[7]

 
“An Lia Fàil” Albanach ː macasamhail in Albain

Ar aon nós, bhí an chloch ar ais i Londain sa bhliain 1953 nuair a rinneadh banríon ar an Ríocht Aontaithe d'Eilís II.

Tuilleadh léitheoireachtaCuir in Eagar

  • No Stone Unturned: The Story of the Stone of Destiny, Ian R. Hamilton, Victor Gollancz and also Funk and Wagnalls, 1952, 1953, hardcover, 191 pages, An account of the return of the stone to Scotland in 1950 (older, but more available, look on ABE)
  • Taking of the Stone of Destiny, Ian R. Hamilton, Seven Hills Book Distributors, 1992, hardcover, ISBN 0-948403-24-1 (modern reprint)
  • Martin-Gil F.J., Martin-Ramos P. and Martin-Gil J. "Is Scotland's Coronation Stone a Measurement Standard from the Middle Bronze Age?". Anistoriton, issue P024 of 14 December 2002.
  • The Stone of Destiny: Symbol of Nationhood by David Breeze, Chief Inspector of Ancient Monuments, and Graeme Munro, Chief Executive, Historic Scotland; Published by Historic Scotland 1997: ISBN 1-900168-44-8

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

  • Skene, William Forbes (1869). Cloch an Chróinte . Dún Éideann: Edmonston & Douglas . Aisghabháil 9 Deireadh Fómhair 2014 .
  • Buaicphointí: Láithreán Gréasáin Chaisleán Dhún Éideann de Stone of Destiny
  • An Stone of Destiny, ríogacht naofa sa 21ú haois

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Lia Fàil" (in gd) (2014-10-11). Uicipeid. 
  2. 'The Stone of Destiny: Symbol of Nationhood' by David Breeze and Graeme Munro
  3. Pebble, John. "The Lion in the North". www.amazon.com. Dáta rochtana: 2020-04-11.
  4. "Westminster Stone theory" (in en) (2020-03-17). Wikipedia. 
  5. Andree, p. 163
  6. George Petrie; JSTOR (1839-01-01). "On the History and Antiquities of Tara Hill". The Transactions of the Royal Irish Academy. 
  7. Nick Aitchison. "Scotland's Stone of Destiny". www.amazon.ca. Dáta rochtana: 2020-04-11.