Carraig dhríodair ina bhfuil gráinní gainimh (grianchloch go háirithe) táthaithe le chéile i maitrís, silice nó carbónáitchailciam. Is féidir go gcruthaítear í trí fhosú ag an uisce i dtimpeallachtaí muirí nó uisce úir, nó gníomhú na gaoithe (dumhaigh). Baintear as cairéal í mar ábhar tógála.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.