Sa cheimic, salann an aigéid charbónaigh[1] is ea carbónáit, a chuimsíonn an t-ian CO32-. Féadfaidh, freisin, go bhfuil i gceist leis an ainm eistear de chuid an aigéad carbónach, comhdhúil orgánach ina mbíonn an grúpa carbónáite C(=O)(O–)2 ann.

Carbónáit

Tá na carbónáití aolchloch, carbónáit chailciam, CaCO3, atá beagnach dothuaslagtha, carbónáit mhaignéisiam, MgCO3 is dolaimít, CaMg(CO3)2 tábhachtach. Tugtar sóid níocháin ar charbónáit sóidiam ina foirm hiodráitithe Na2CO3.10H2O, agus is oibreán glanta í mar go bhfuil sí bunata is ina bogthóir uisce a dheascann carbónáit chailciam is carbónáit mhaignéisiam.[2]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Teimpléad:Cite EB1911
  2. Hussey, Matt (2011). "Carbónáit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 117.