An Mac Drabhlásach
Is é Parabal an Mhic Dhrabhlásaigh ceann de pharabail Íosa, i Soiscéal Lúcáis 15:11–32. Insíonn Íosa Críost é dá chuid deisceabal, do na Fairisínigh agus do dhaoine eile.
Sa scéal, tá fear ann a bhfuil beirt mhac aige. Iarrann an mac is óige a chuid den oidhreacht óna athair, agus roinneann an fear a mhaoin idir an dá mhac. Téann an mac is óige “go tír i gcéin”, agus caitheann sé a chuid airgid go léir, “ag tabhairt a shaoil go drabhlásach” (Lúcas 15:13). Buaileann gorta an tír agus tá sé i gcruachás cheal airgid. Mar thoradh air sin, filleann sé abhaile agus an plean atá aige ná impí ar a athair glacadh leis mar sheirbhíseach. Deir sé lena athair, “pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm” (Lúcas 15:18–19). Deir an t-athair lena sheirbhísigh “an éide is uaisle” a bhailiú agus a chur ar a mhac, agus an lao biata a mharú le haghaidh cóisire, “óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é” (Lúcas 15:24). Nuair a fheiceann an mac is sine an chóisir, tá fearg air, agus diúltaíonn sé páirt a ghlacadh sa gceiliúradh. Deir an t-athair leis an mac is sine: ”A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat; ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é” (Lúcas 15:31–32).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |